Maighnéatrón
Cuma
Feiste chun micreathonnta a ghiniúint. Bíonn seomra folúsaithe inti le catóid lárnach, timpeallaithe ag anóid chomhlárnach. Timpeallaíonn na leictreoin a dhíchuirtear ón gcatóid an chatóid féin, faoi iarmhairt na réimsí leictreacha is maighnéadacha. Táirgtear micreathonnta mar thoradh ar athshondais idir na leictreoin ghluaiste agus cuasa san anóid. Saothraíodh ar dtús sna 1940idí é i gcomhair radair don chogadh domhanda, ach úsáidtear go forleathan inniu é in oighinn mhicreathonnacha.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Maighnéatrón". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 432.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |