Maigh Rath
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | an Ríocht Aontaithe | |||
| Comhthír na Ríochta Aontaithe | Tuaisceart Éireann | |||
| Contae i dTuaisceart na hÉireann | Contae an Dúin | |||
| Daonra | ||||
| Iomlán | 4,591 | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Glaochód | 028 | |||
| Logainm.ie | 1411612 | |||
Sráidbhaile agus paróiste sibhialta is ea Maigh Rath i gContae an Dúin, Cúige Uladh.[1][2] Tá sé in iarthuaisceart an chontae, ag críochantacht leis na contaethae Aontroim agus Ard Mhacha. Tá mótarbhealach an M1 agus iarnród Bhéal Feirste-Baile Átha Cliath in aice láimhe. Bhí 4,591 duine ina gcónaí ann sa bhliain 2011 .[3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Logainmníocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá sanasaíocht Mhaigh Rath ábhairín éiginnte. D'fhéadfadh sé go gciallódh sé 'Machaire na Ráthanna' nó 'Machaire an Rathúnais.[4]
Réamhstair go 1800
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá lonnaíocht ann i Maigh Rath ar feadh 1,500 bliain ar a laghad. Sa tréimhse sin, is dócha nach raibh ann ach teachín beag timpeallaithe ag roinnt ráthanna cré. Tá fianaise fós ar thrí ráth den sórt sin. Is é an ceann is cáiliúla acu ná an "Dún Garbh", mar a thugtar air, atá suite ar Sheanbhóthar na Cille Móire. Mar sin féin, léiríonn líon mór ráthanna cré go raibh daonra mór ann sa ré réamhstairiúil. Ceann acu, i baile fearainn Achadh na Foscair, ar a dtugtar "Dún Mhuire Álainn"("Pretty Mary's Fort"), curtha síos air mar sampla den scoth de ráth mór ilmhúrach. [5]
Ar deireadh, tá fianaise ann go bhfuil an tríú ráth mór le fáil in aice le Claremont.
Dáiríre, ní dún mór é an suíomh i Maigh Rath atá luaite, ach heinse atá na mílte bliain d'aois. Féach an leabhar "Finding Footprints" le David McFarland.
Mar gheall ar na cosaintí simplí seo agus an radharc iontach ó chnoc Mhaigh Rath, bhí an lonnaíocht seo an-tábhachtach ó thaobh straitéise. Agus é suite gar do Loch nEathach, bhí sé níos tábhachtaí fós. I rith an chéad mhílaoise, bhí an limistéar seo ina ábhar troid arís is arís eile, go dtí gur tharla an cath ba mhó in Éirinn ann - Cath Mhaigh Rath - nuair a throid triúr ríthe treibhe chun ceannasacht in Ulaidh agus níos faide anonn a chinneadh. Tá a rian fós le sonrú ar an mbaile; tá dhá bhaile fearainn ann a bhfuil ainmneacha an chatha orthu fós - Achadh na Foscair (Gort an Áir) agus Carn Alabanaigh (Uaigh an Albanaigh). Tar éis an chatha, maítear gur bhunaigh easpag darbh ainm Rónán Fionn (a canónaíodh níos déanaí) mainistir sa cheantar.
Tá an tréimhse mheánaoiseach fós i bhfolach faoi cheo mistéire. Ach tá a fhios againn gur rialaigh Clann Uí Labhradha an áit agus a chúlchríocha ar feadh tréimhse mhaith. Ba chlann Chaitliceach iad a raibh ceannas acu ar chodanna móra d’Ard Mhacha. Go deimhin, roimh Cogadh na Naoi mBliana, ba é Ulaidh an chuid ba Ghaelaití d'Éirinn.
Ní raibh mórán bailte nó bóithre ann agus bhí cuid mhaith den tír dlúthchoillteach. Ach laghdaigh armanna buacha Eilís I cumhacht na nGael, Clann Uí Labhradha ina measc. Ach ba é a rannpháirtíocht i nÉirí Amach 1641 a scrios a gceannas deireanach. Rinne údaráis Shasana an éirí amach a smachtú agus choigistigh siad méideanna ollmhóra de mhaoin na nGael, i Maigh Rath mar a rinneadh ar fud na tíre.
Mar thoradh díreach air seo, cuireadh dlús le Plandálacha Protastúnacha Uladh (a thosaigh sa bhliain 1606)
Ní raibh ach corrbhaile ann, bealaí gan iomad, agus bhí cuid mhór den tír clúdaithe le coilltihe tiubha. Mar sin féin, laghdaigh airm bhuacacha Eilís I go mór le cleas na n - ordlathas Gaelachthe subjugation of Ulster by the Ach nuair a rinne armanna buacha Eilís I smacht a fháil ar Ulaidh, laghdaíodh cumhacht na nGael, Clann Uí Labhradha ina measc. Ach ba é a rannpháirtíocht i nÉirí Amach 1641 a scrios a gceannas deireanach. Rinne údaráis Shasana an éirí amach a smachtú agus rinne siad seilbh a ghlacadh ar eastát mór Éireannach, i Maigh Rath mar a rinneadh ar fud na tíre.[4]cur faoi chois
Mar thoradh díreach air seo, cuireadh dlús le Plandálacha Protastúnacha Uladh (a thosaigh i 1606).
Teacht theaghlach Rawdon
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sa bhliain 1631 shocraigh Major George Rawdon, fear saibhir ó shráidbhaile Rawdon i Yorkshire, síos i Maigh Rath. Le linn Éirí Amach na nÉireannach sa bhliain 1641 chuidigh sé féin agus 200 saighdiúir Sasanach an ruaig a chur ar Fhéilim Ó Néill agus Maigh Rath agus a phurláin a fháil ar ais don Choróin. Sa bliain 1651, cheannaigh oifigeach darbh ainm Major de Burgh eastát beag agus thóg sé teach brící i Maigh Rath. Cheannaigh Rawdon an teach seo, réamhtheachtaí Chaisleán Mhaigh Rath, ina dhiaidh sin. Tar éis a ghníomhartha, chun éirí amach a chur síos, cheannaigh Rawdon méideanna ollmhóra talún sa cheantar (is dócha gur mhaoinigh coigistithe ó na reibiliúnaigh Chaitliceacha mharbha nó smachtaithe é), agus dúradh gur fhorbair sé go mór é. Sa bhliain 1665 chruthaigh Séarlas II é ina bhairnéad. Ag pointe éigin ina shaol rinneadh Feisire Parlaiminte de. Tugadh an leasainm 'Great Highwayman' air mar gheall ar an bhforbairt a rinne sé ar infreastruchtúr bóithre i Maigh Rath agus timpeall uirthi [6] . Tháinig Sir Arthur Rawdon, a mhac, i gcomharbacht ar an teideal a bhí ag Sir George Rawdon.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Maigh Rath/Moira | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2024-03-26.
- ↑ “Place-Name Info | PlacenamesNI” (en). Tionscadal Logainmneacha Thuaisceart Éireann. Dáta rochtana: 2024-03-26.
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Meitheamh 2023. Dáta rochtana: 26 Márta 2024.
- ↑ Logainm:https://www.logainm.ie/en/1411612
- ↑ Journal of Craigavon Historical ociety. Vol.2 No `-1971 https://www.craigavonhistoricalsociety.org.uk/rev/hughesmoira.php
- ↑ Earráid leis an lua: Invalid
<ref>tag; no text was provided for refs namedlisburn1
