Mahamad Bouazizi

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Mahamad Bouazizi
French support Bouazizi.jpg
Saol
Ainm iomlán طارق الطيب محمد البوعزيزي
Eolas breithe Sidi Bouzid, Márta 29, 1984
Náisiúntacht An Túinéis
Bás Ben Arous (en) Aistrigh, Eanáir 4, 2011
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás Féinmharú
Gairm
Gairm street vendor (en) Aistrigh
Duais
Creideamh
Reiligiúin Ioslam
IMDb nm4820209
Paris 14e - Place Mohamed-Bouazizi - plaque.jpg

Céimí ollscoile Túinéiseach ab ea Mahamad Bouazizi (29 Márta 1984 – 4 Eanáir 2011; Araibis: محمد البوعزيزي). Chuir sé é féin trí thine ar an 17 Nollaig 2010, mar agóid éadóchasach in aghaidh na drochíde agus an uiríslithe a d’fhulaing sé ó na húdaráis áitiúla.[1]

máthair Bouazizi

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh Bouazizi in ann a bheith ag obair mar dhíoltóir torthaí agus glasra i mbaile Sidi Bouzid i lár na Túinéise.[2] Diúltaóidh ceadúnas margaidh do Bouazizi ar chúis fhánach éigin agus chuir sé lámh ina bhás féin le dó.[3]

Fuair Bouazizi bás léanmhar trí seachtaine níos déanaí ar an 4 Eanáir 2011.

uaimh Bouazizi

Bhí réimeas na Túinéise géar orthu súid a bhí ag éileamh roinnt an rachmais agus daonlathais. Chuir féinloisceadh Bouazizi tús leis na h-agóidí a tharla sna blianta 2010-2011 sa Túinéis, i dtús i gcoinne na gcoinníollacha eacnamaíocha agus bhrúidiúlacht na bpóilíní.

Bhí athruithe tromchúiseacha bainte amach ag féinloisceadh Bouazizi i 20 tír ar a laghad.[4] Ba é a fhéinloisceadh an splanc a ghin ‘tEarrach’ mórthimpeall an domhain Arabaigh.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ruairí Henchy (2016). "Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  2. BBC News - Tunisia suicide protester Mohammed Bouazizi dies
  3. Frank Reidy (2015). "Ag teitheadh ón uafás < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  4. MICHEAL O. hUANACHAIN (2012). "Fómhar Ioslam" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-19.