Earrach na nArabach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Tíortha Arabacha :

██ Rialtas treascartha

██ Cogadh cathartha

██ Athrú suntasach sa rialtas

██ Mor-agóidí

██ Mion-agóidí

██ Gan teagmhas

Tíortha neamh-Arabacha :

██ Agóidí gaolmhara

██ Gan teagmhas

Is éard is an tEarrach Arabach ann ná tonn réabhlóideach de léirsithe agus d'agóidí a bhí agus a bhíonn ar siúl sa domhan Arabach ón 18 Nollaig 2010 ar aghaidh.

Bhí deacrachtaí ag baint leis an aistriú chuig rialú daonlathach san Éigipt agus i dTúinis, i Libia agus i bPoblacht Éimin. Bhí an tuairim ann, agus b'fhéidir fós, nach raibh na tíortha Arabacha, ar cibé chúis, in ann ag rialachas daonlathach agus nach raibh meas acu ar riail an dlí.[1]

Ar an agóid bheag neamh-mharthanach sa tsean-Seicslóváic in 1968 ("Earrach Phrág") is dócha a bhí fo-eagarthóir sinsearach éigin ag smaoineamh, tráth éigin tamall de mhíonna tar éis tús na bparáidí is na léirsithe sa Túinéis agus san Éigipt, nuair a cheap sé nó sí an téarma “Earrach na nArabach”.[2]

2010-2012[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna blianta 2010-2012, bhí réabhlóidí sa Túinéis agus san Éigipt; cogadh cathartha sa Libia; éirithe amach sa Bhairéin, sa tSiria, agus san Éimin; agóidí móra san Ailgéir, san Iaráic, san Iordáin, sa Mharacó, agus san Óman; agus mion-agóidí sa Chuáit, an Liobáin, an Mháratáin, an Araib Shádach, agus an tSúdáin.

Arab Spring Protal.gif

Roimh seo, ba í an tSúdáin amháin an t-aon tír Arabach a bhí in ann fáil réidh le réimis deachtóireachta, sa bhliain 1964 agus arís sa bhliain 1985.

Sa Libia agus san Éigipt chuidigh comhghuaillíocht na Fraince, na Breataine agus Meiriceá le deireadh ré Gadaffi agus Mubarak a thapú.[3]

agóid sa bhliain 2011 i Maracó

Siria[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhris agóidí ar son an daonlathais amach sa tSiria ar an 15 Márta 2011 agus thosaigh an cogadh cathartha i ndáiríre sa tSiria tamaill beag ina dhiaidh.

Tar éis d'fhórsaí slándála urchair a scaoileadh leis an lucht agóide, tháinig méadú as cuimse ar an bhforéigean agus cuireadh briogáidí reibiliúnacha le chéile chun aghaidh a thabhairt ar fhórsaí an stáit.[4]

D'éirigh ‘Earrach na nArabach’ ina gheimhreadh dorcha sa tSiria[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba rí-ghairid go raibh sé ina chogadh cathartha le grúpaí éagsúla ag tnúth le titim an réimis agus roinnt an tsonais. Sheas Assad an fód, agus Ní iontas go raibh léirsithe sa tSiria freisin faoi usáid na láimhe láidre ag an Uachtarán Bashar al-Assad. Bhí arm láidir aige agus cabhair aige ó throdairí Hezbollah ón Liobáin agus cabair airm aige ón Rúis agus ón Iaráin.[5]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tánaiste Eamon Gilmore, Óráid, An Meánoirthear agus An Afraic Thuaidh (2013). "Éire, an Eoraip agus an Meánoirthear - Department of Foreign Affairs" (ga). www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  2. MICHEAL O. hUANACHAIN (2012). "Fómhar Ioslam" (ga). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  3. Frank Reidy (2015). "Ag teitheadh ón uafás < Meon Eile". www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.
  4. An tAontas Eorpach (2016-06-16). "A decade of opportunities and challenges" (en). European Union. Dáta rochtana: 2020-12-18.
  5. Ruairí Henchy (2016). "Cúig bliana i ndiaidh ‘Earrach na nArabach’ an bhfuil deireadh ag teacht le geimhreadh an uafáis sa tSiria?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-12-19.