Macgnímrada Con Culainn
Sa Rúraíocht i Miotaseolaíocht na nGael, réamhscéal don Táin Bó Cuailnge is ea Macghníomhartha Chú Chulainn (Sean-Ghaeilge Macgnímrada Con Culainn).
Achoimre
[cuir in eagar | athraigh foinse]Insíonn cuid de laochra na nUladh, a bhí ar deoraíocht i gcúige Chonnacht (féach fosta Longes mac nUislenn), scéalta do na Connachta faoi óige an laoich uafásaigh, Cú Chulainn, i bhfoirm fálradhairc (radharc ón mballa - carachtar ar an stáitse ag insint scéil faoi eile (daoine, rudaí) ar chúl stáitse).
Sa chéad áit, insíonn Fearghas mac Róigh gur bhuaigh gan stró an gasúr Sétanta (ainm óige Chú Chulainn) ach cúig bliana d'aois sa pheil in aghaidh caoga macra[1] ag an ríchathair Eamhain Mhacha. Insíonn Conall Cernach conas a fuair sé a mharaigh sé cú dochloíte Chulainn, gabha, le hurchar amháin dá cheann tabhaill (féach fosta Aided Cheltchair maic Uthechair). Mar chúiteamh, thairg Sétanta go gcosnódh sé teach agus teaghlach Chulainn, go dtí go dtógfadh madra eile, agus dá bharr thug an draoin Cathbhadh a leasainm dó.[2] I leagan níos deireanaí, insítear an scéal seo ag Cormac Cond Longas.
Insíonn Fiachu mac Fir Febe ansin, conas ar tháinig Cú Chulainn, buacach tar éis comhraic, go hEamhain Mhacha le na cinn bhainte de thriúr mac Neachtain, fia beo agus eala fhiáine.
- [...] agus tháinig sé ann ina riastradh. Bhí cinn fhuiltigh a naimhde ina charbad leis.[3]
Lena cois sin, chuaigh Cú Chulainn timpeall na cathrach ar chlé, rud de ghnáth mar chóir. Ansin d'ordaigh Conchúr mac Neasa do mhná na cúirte dul lom in éadan na geilte, le cíocha nochta agus le piteanna nochta maraon le Síle na gcíoch. Suaite, d'fholaigh Cú Chulainn a aghaidh ina lámha. Le sin, bhí siad in ann an gaiscíoch a ghabháil agus a chur faoi thrí i ndiaidh a chéile i dtobán le huisce fuar isteach, go dtí gur tháinig sé ar ais ar a chiall.[4][5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur. Verlag der Österreichischen Akademie der Wissenschaften, Wien 1997, ISBN 3-7001-2609-3.
- Ingeborg Clarus: Keltische Mythen. Der Mensch und seine Anderswelt. Walter Verlag 1991, ppb-Ausgabe Patmos Verlag, Düsseldorf, 2000, 2. Auflage, ISBN 3-491-69109-5.
- Bernhard Maier: Lexikon der keltischen Religion und Kultur (= Kröners Taschenausgabe. Band 466). Kröner, Stuttgart 1994, ISBN 3-520-46601-5.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cuid Childhood san alt Cú Chulainn ar Wikipedia
- Dooley, Ann (2006). "Playing the Hero: Reading the Irish Saga Táin Bó Cúailnge" (as en): 105. University of Toronto Press.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 666.
- ↑ Ingeborg Clarus: Keltische Mythen. Der Mensch und seine Anderswelt, ll. 122 ff.
- ↑ Barry Cunliffe: Die Kelten und ihre Geschichte, 7ú eagrán, Gustav Lübbe Verlag, Bergisch Gladbach 2000, ll. 82 ff.
- ↑ Helmut Birkhan: Kelten. Versuch einer Gesamtdarstellung ihrer Kultur, lch. 807.
- ↑ Ingeborg Clarus: Keltische Mythen. Der Mensch und seine Anderswelt, ll. 125 ff.