Músaem Brooklyn
Músaem Brooklyn | ||||
---|---|---|---|---|
Lipéad sa teanga dhúchais | (en) Brooklyn Museum | |||
Sonraí | ||||
Cineál | Dánlann agus eagraíocht neamhbhrabúis | |||
Cuid de | New York Art Resources Consortium (en) | |||
Ailtire | McKim, Mead and White | |||
Foirgníocht | 1897 | |||
Dáta na hoscailte oifigiúla | 1895 | |||
Tréith | ||||
Stíl ailtireachta | Beaux-Arts | |||
Suíomh geografach | ||||
Limistéar riaracháin | Brooklyn, New York | |||
Suíomh | 200 Eastern Parkway, Brooklyn, NY 11238 | |||
| ||||
Liostaithe sa National Register of Historic Places | ||||
Cineál | NRHP building | |||
Am | 22 Lúnasa 1977 | |||
Aitheantóir | 77000944 | |||
New York City Landmark | ||||
Am | 15 Márta 1966 | |||
Aitheantóir | 0155 | |||
Gníomhaíocht | ||||
Cuairteoirí in aghaidh na bliana | 500,000 | |||
Suíomh gréasáin oifigiúil | brooklynmuseum.org | |||
Músaem ealaíne i mbuirg Brooklyn i gCathair Nua-Eabhrac is ea Músaem Brooklyn. Is é an 3ú músaem is mó i gCathair Nua-Eabhrac agus 1.5 milliún mír á chaomhnú in 560,000 troighe cearnacha (52,000 méadar cearnacha) de spás. Tá Músaem Brooklyn suite ag 200 Eastern Parkway, i lár thuaidh Brooklyn. Bunaíodh é sa bhliain 1895 i bhfoirgneamh nuachlasaiceach a dhear an comhlacht ailtirí McKim, Mead & White. Sa bhliain 1897 a osclaíodh na doirse. An cuspóir a bhí ag lucht bunaithe an mhúsaeim ná an músaem ba mhó ar Domhan a bheith acu. Tugann leathmhilliún duine cuairt ar an Músaem gach bliain anois.
Tá an músaem suite trasna Eastern Parkway ó Prospect Heights, agus idir Park Slope agus Crown Heights. Tá Luibhghairdín Brooklyn taobh leis, agus iad araon in éineacht le Leabharlann Lárnach Bhrooklyn, Grand Army Plaza agus Prospect Park in aon cheantar mór nádúrtha/cultúrtha amháin. Ar feadh i bhfad ba doiligh le lucht riartha agus stiúrtha an mhúsaeim an foirgneamh agus an bailiúchán a choimeád iomlán. Tháinig rath air go déanach san 20ú haois, áfach, agus rinneadh athchóiriú ar ghnéithe éagsúla den mhúsaem.
Ar chodanna suntasacha an bhailiúchán tá seaniarsmaí, go mór mhór an bailiúchán Sean-Éigipteach a bhfuil míreanna ann as réimse 3,000 bliain. Tá a lán samplaí d'ealaín na hAfraice, ealaín ón Aigéine, ealaín na Seapáine, agus ealaín agus éadaí Bhundúchasaigh Mheiriceá ann chomh maith. Tá bailiúchán láidir Meiriceánach a thosnaíonn leis an dtréimhse Choilíneach. Ar ealaíontóirí a bhfuil saothar leo sa mhúsaem tá Mark Rothko, Edward Hopper, Norman Rockwell, Winslow Homer, Edgar Degas, Georgia O'Keeffe, and Max Weber. Tá dealbhghairdín cuimhneacháin ann freisin ina bhfuil píosaí ailtireachta a tarrtháladh ar fud Chathair Nua-Eabhrac.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |