Ealaín na Seapáine

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Gaolmhar on tús le stíl is modhanna oibre na Síne, ach tugtha do phatrúin dhromchlacha, rímháistreacht theicniúil, agus dathanna láidre. Rinneadh éachtaí i gclónna daite, a mbaineann na hainmneacha Utamaro, Hokusai is Hiroshige leo, scrollaí péinteáilte, potaireacht, laicear is miotalóireacht mhaisithe. Shroich Búdachas an tSeapáin sa 6ú céad, agus tháinig ceardaithe Cóiréacha leis a d'fhorbair scoil thábhachtach dealbhóireachta reiligiúnda faoina dtionchar. Ar an dul céanna bhí tionchar láidir ar an bpéintéireacht ag an mBúdachas Zen a tháinig ón tSín ina dhiaidh sin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Ealaín na Seapáine". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 234.