Prospect Park

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilProspect Park

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 40°39′41″N 73°58′13″W / 40.66143°N 73.97035°W / 40.66143; -73.97035
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheNua-Eabhrac
Cathair sna Stáit AontaitheNua-Eabhrac
Borough of New York City (en) AistrighBrooklyn Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Achar dromchla526 acre Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú18 Deireadh Fómhair 1867
Eile

Suíomh gréasáinprospectpark.org Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: prospect_park Cuir in eagar ar Wikidata
An bóthar isteach i Reilig Cumann na gCarad, reilig phríobháideach laistigh den pháirc ina bhfuil Montgomery Clift, aisteoir, curtha

Páirc uirbeach i lár thuaidh Brooklyn, i gCathair Nua-Eabhrac, is ea Prospect Park. Tá an pháirc suite idir Park Slope, Windsor Terrace, Ascaill Flatbush, Grand Army Plaza agus Luibhghairdín Brooklyn. Is é 585 acra (237 ha) nó 2.1 cileamédar cearnacha achar na páirce. Bíonn ráchairt i measc an phobail ar an bpáirc: tugann timpeall 8 milliún duine cuairt uirthi gach bliain. Stiúrann an Prospect Park Alliance agus an Department of Parks and Recreation de chuid Chathair Nua-Eabhrac an pháirc.

Frederick Law Olmsted agus Calvert Vaux, ailtirí tírdhreacha, a dhear an pháirc i ndiaidh dóibh Central Park a leagan amach. Osclaíodh Prospect Park ar 19 Deireadh Fómhair 1867. Tá an pháirc suite ar shraith cnoc suas le 200 troigh ar airde chun an tuaiscirt agus ar thalamh mín sa deisceart. B'iad na hoighearshruthanna deireannacha an chúis leis an dá ghné fisiciúla den pháirc. Fearadh cuid de Chath Brooklyn (nó Cath an Oileáin Fhada) ar shuíomh na páirce sa bhliain 1776. Tá an loch is mó in Brooklyn (60 acra nó 24 ha) i ndeisceart na páirce.

Cuireadh Prospect Park ar an National Register of Historical Places ar 17 Meán Fómhair 1980.



Cosán tríd an seanchoill i lár na páirce. An Nethermead ag ceann an chosáin.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]