Mícheál Ó Duibhir (réabhlóidí)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1772 |
Bás | 1825 52/53 bliana d'aois Learpholl, England |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir |
Ball de | |
Gairm mhíleata | |
Géillsine | Cumann na nÉireannach Aontaithe |
Coinbhleacht | Éirí Amach 1798 in Éirinn |
Náisiúnaí Éireannach ba ea Mícheál Ó Duibhir nó Michael Dwyer (1772 - 23 Lúnasa 1825) agus ceannaire chraobh Chill Mhantáin de na hÉireannaigh Aontaithe, páirteach in Éirí Amach 1798.[1]
Tar éis an Éirí Amach, bhí Dwyer agus a chuid comrádaithe mar a bheadh bior sa mbeo ag na Sasanaigh i ngleannta agus sléibhte Chill Mhantáin, go dtí gur chuir sé deireadh leis an troid in 1803 nuair a chlis ar Éirí Amach Roibeard Emmet.[2]
Díbríodh é, ó Chill Mhaighneann go dtí an Astráil, agus a theaghlach ina theannta. Tar éis dó a théarma príosúnachta a chríochnú, liostáil sé san fhórsa póilíneachta amuigh ann.[3]
Réabhlóidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Nuair a theip ar an Éirí Amach 1798 chúlaigh sé le buíon fear go Gleann Ó Máil,[5] agus throid siad ar feadh cúig bliana eile i Sléibhte Chill Mhantáin go dtí mí na Nollag 1803, nuair a theip ar éirí amach Robert Emmet i mBaile Átha Cliath.
Bhí ag éirí chomh maith sin le feachtas Uí Dhuibhir go raibh ar na húdaráis an Bóthar Míleata i gContae Chill Mhantáin (atá fós ann) a thógáil ón chathair isteach sna sléibhte, agus cúig bheairic air, sula raibh siad ábalta é a ghabháil.
Tar éis mórán eachtraí d'aontaigh Ó Duibhir go ngéillfeadh sé a fhad is go dtabharfaí saorchead dó féin agus dá chuid fear go Meiriceá (seachas é a dhaoradh chun báis, rud a bhí i ndán do mhórán eile de réabhlóidithe na linne). Ach cuireadh i bPríosún Chill Maighneann é agus as sin chun na hAstráile é, lena bhean agus beirt chlainne.[1]
San Astráil
[cuir in eagar | athraigh foinse]Díbríodh Dwyer sa bhliain 1805, ó Chill Mhaighneann go dtí an Astráil, agus cuid den teaghlach ina theannta.[3] Ní mó ná sásta a bhí sé faoi sin. Bhain sé an Astráil amach in 1806 agus tugadh 100 acra talún dó in Cabramatta in aice le Sydney.
Bhí deacrachtaí aige leis na húdaráis arís. Cuireadh go hOileán Norfolk é ar feadh tamaill ach tugadh pardún dó agus d'fhill sé ar an fheirmeoireacht.
Bhí sé i gceannas ar na póilíní i gceantar in aice le Sydney, ach briseadh as a phost é mar gheall ar a chuid óil. Bhí teach tábhairne aige ar feadh tamaill chomh maith, ach níor éirigh go maith leis. Bhí talamh á cheannach agus á dhíol aige ansin agus rinne sé go leor airgid chun teach phobail (séipéal) a thógáil.
Cinneadh gurbh fhéimheach é i mí na Bealtaine 1825 agus cuireadh i bpríosún é. Ach tháinig dinnireacht air i bpríosún, Ní raibh sé ach 53 nuair a cailleadh é ar 23 Lúnasa 1825 in Liverpool, Sydney ina bhaile féin.
Níor fhill sé ar Éirinn riamh. Rugadh triúr clainne leis san Astráil agus tháinig beirt eile, a fágadh in Éirinn nuair a díbríodh é, go dtí an Astráil ach níor bhain siad Sydney amach go dtí seachtain tar éis a bháis. I 1898 nochtadh leacht mór ar a uaigh i reilig Waverley, Sydney. os comhair 200,000 duine.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Dwyer, Michael | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-08-23.
- ↑ Dáithí Ó Colchúin (Bealtaine 2001). "Michael Dwyer san Astráil" (ga-IE). Beo!. Dáta rochtana: 2023-08-23.
- ↑ 3.0 3.1 "Díbirt | Kilmainham Gaol Museum" (ga). Dáta rochtana: 2023-08-23.
- ↑ 4.0 4.1 FUSIO. "Main Street, BALTINGLASS EAST, Baltinglass, WICKLOW" (en-US). Buildings of Ireland. Dáta rochtana: 2023-08-23.
- ↑ "Gleann Ó Máil/Glen of Imail" (ga). logainm.ie. Dáta rochtana: 2023-08-23.