Máel Ruanaid mac Donnchada Midi
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 843 |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid, Flann mac Máele Ruanaid |
Athair | Donnchad Midi mac Domnaill |
Siblín | Conchobar mac Donnchada |
Rí Uisnigh de Clann Cholmáin ba ea Maol Rúnaí mac Donnchadha na Mí (Sean-Ghaeilge Máel Ruanaid mac Donnchada Midi) (bás 843). An tArdrí, Donnchadh na Mí (bás 797) ba ea a athair, agus an tArdrí Chonchúr (bás 833) a dheartháir.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 833 go dtí 843.[2]
Tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir mar rí Uisnigh sa bhliain 833, ach níor tháinig ar an ard-ríogacht, a dháiltí idir Clann Cholmain agus Cineál Eoghain d'Uí Néill an Tuaiscirt ag an am sin. Rinneadh ina ionad ardrí den tuaisceartach, Niall Caille.
Chun a údarás a, rinne Niall Caille ruathar ar an Mí sa bhliain 835.[3] Tarraingíodh an Mhí Meath isteach i gcogadh idir Niall Caille and Feilimí mac Criomhthainn, rí Mumhan. Rinne Feilimí ruathar ar Mí agus ar Bhreá i mbun ionsaí a dhéanamh ar Teamhraigh Tara in 840, ach chuir Niall cosc air ansin.[4]
Sa bhliain 841, cloíodh Maol Ruanaí ag a nia, Diarmaid mac Conchúir agus cuireadh go sealadach as a choróin é. Mharaigh a mhac, his son Maol Seachnaill (bás 862) Diarmaid an lá céanna, ámh, agus fuair sé ar ais a choróin ar an dtoirt.[5]
I measc a mhac, bhí Flann (bás 845), rí Mhí, agus Máel Sechnaill, a rinneadh Ardrí de sa bhliain 846.
Foinsí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Rig Uisnig
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 3
- ↑ Tugtar réimeas 10 bliain dó sa Leabhar Laighneach
- ↑ Annála Uladh, AU 835.3
- ↑ AU 840.4
- ↑ AU 841.2