Lu Xun
Bhí Lu Xun ar na scríbhneoirí Síneacha ba thábhachtaí sa 20ú haois. Rugadh ar an 25 Meán Fómhair 1881 in Shaoxing sa tSín é agus fuair sé bás ar an 19 Deireadh Fómhair 1936 in Shanghai. Bhí sé ina bhall de Ghluaiseacht 4 Bealtaine agus de ghluaiseacht Baihua ar son caint na daoine leis na seánraí agus an stíl liteartha a leasú. Bunaitheoir litríocht nua-aimseartha na Síne ab ea é.
An t-ainm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is ainm cleite é Lu Xun (i gcló Síneach simplithe: 鲁迅; i gcló Síneach traidisiúnta: 魯迅; i bPinyin: Lǔ Xùn, i dtrascríobh Wade-Giles: Lu Hsün).
Rugadh é mar Zhou Zhangshou, ach thug sé Zhou Shuren air féin ar ball (i gcló Síneach simplithe: 周树人; i gcló Síneach traidisiúnta: 周樹人; i bPinyin: Zhōu Shùrén; i dtrascríobh Wade-Giles: Chou Shu-jen).
A thábhacht liteartha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Scríobh Lu Xun i gcaint na ndaoine nó “Baihua”, in áit an teanga scríofa traidisiúnta “Wenyan”. Ach rinne scríbhneoirí roimhe cheana é, m. sh. Huang Zunxian: "Scríobhann mo lámh mar a labhraíonn mo bhéal“. Ach bhunaigh Lu Xun litríocht Ghluaiseacht 4 Bealtaine agus d’éirigh a litríocht amach in aghaidh na dtraidisiún Confúiceach scothroghnach. In ainneoin thurnamh ríshliocht Qing sa réabhlóid i 1911 (réabhlóid Xinhai) agus forógra Phoblacht na Síne, mhair na seanstruchtúirí Confúiceacha feodacha fós. Ba í an eitic Chonfúiceach (agus an teanga scríofa chlasaiceach Wenyan chomh maith) meán na seantuairimi agus na seanbharrshamhaileacha. Mar sin chuir a ghearrscéal Dialann Fear Buile i gcoinne an tseanchórais luachanna agus nocht sé an eitic fíoraosta mar "daoniteach" go siombalach.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |