Lu Xun

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Lu Xun
LuXun1930.jpg
Saol
Ainm iomlán周樹人
Eolas breitheShaoxing, 25 Meán Fómhair 1881, 1881
Náisiúntachtríshliocht Qing
Poblacht na Síne (1912–1949)
Teanga dhúchaisAn tSínis
BásShang-hai, 19 Deireadh Fómhair 1936, 1936
Áit adhlacthaLu Xun's tomb (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (eitinn)
Muintir
AthairZhou Boyi
Céile/CéilíXu Guangping
Zhu An (en) Aistrigh  (1906 -  Deireadh Fómhair 19, 1936)
Páirtí/PáirtitheXu Guangping
Páistí
liosta iomláin
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materOllscoil Tohoku
Kobun Institute (en) Aistrigh
Sendai Medical College (en) Aistrigh
TeangachaAn tSeapáinis
an Béarla
An Ghearmáinis
An Rúisis
Esperanto
An tSínis Chlasaiceach
written vernacular Chinese (en) Aistrigh
An tSínis
Gairm
Gairmscríbhneoir aistí, file, léirmheastóir liteartha, Easparantóir, aistritheoir, úrscéalaí, léirmheastóir agus scríbhneoir
FostóiríOllscoil Phéicing
Saothar iomráiteachThe True Story of Ah Q (en) Aistrigh
A Madman's Diary (en) Aistrigh
Duaiseanna
BallraíochtLeague of Left-Wing Writers (en) Aistrigh
GluaiseachtNew Culture Movement (en) Aistrigh
SloinnteLu Xun, 豫才, 豫山 agus 豫亭
Gluaiseacht ealaíneaiste
gearrscéal
IMDbnm0523770
Lu Xun's Signature.svg

Bhí Lu Xun ar na scríbhneoirí Síneacha ba thábhachtaí sa 20ú haois. Rugadh ar an 25 Meán Fómhair 1881 in Shaoxing sa tSín é agus fuair sé bás ar an 19 Deireadh Fómhair 1936 in Shanghai. Bhí sé ina bhall de Ghluaiseacht 4 Bealtaine agus de ghluaiseacht Baihua ar son caint na daoine leis na seánraí agus an stíl liteartha a leasú. Bunaitheoir litríocht nua-aimseartha na Síne ab ea é.

An t-ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ainm cleite é Lu Xun (i gcló Síneach simplithe: 鲁迅; i gcló Síneach traidisiúnta: 魯迅; i bPinyin: Lǔ Xùn, i dtrascríobh Wade-Giles: Lu Hsün).
Rugadh é mar Zhou Zhangshou, ach thug sé Zhou Shuren air féin ar ball (i gcló Síneach simplithe: 周树人; i gcló Síneach traidisiúnta: 周樹人; i bPinyin: Zhōu Shùrén; i dtrascríobh Wade-Giles: Chou Shu-jen).

A thábhacht liteartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh Lu Xun i gcaint na ndaoine nó “Baihua”, in áit an teanga scríofa traidisiúnta “Wenyan”. Ach rinne scríbhneoirí roimhe cheana é, m. sh. Huang Zunxian: "Scríobhann mo lámh mar a labhraíonn mo bhéal“. Ach bhunaigh Lu Xun litríocht Ghluaiseacht 4 Bealtaine agus d’éirigh a litríocht amach in aghaidh na dtraidisiún Confúiceach scothroghnach. In ainneoin thurnamh ríshliocht Qing sa réabhlóid i 1911 (réabhlóid Xinhai) agus forógra Phoblacht na Síne, mhair na seanstruchtúirí Confúiceacha feodacha fós. Ba í an eitic Chonfúiceach (agus an teanga scríofa chlasaiceach Wenyan chomh maith) meán na seantuairimi agus na seanbharrshamhaileacha. Mar sin chuir a ghearrscéal Dialann Fear Buile i gcoinne an tseanchórais luachanna agus nocht sé an eitic fíoraosta mar "daoniteach" go siombalach.