Liz Cheney
Is dlíodóir agus polaiteoir Meiriceánach í Elizabeth Lynne Cheney (a rugah ar 28 Iúil 1966). Is iníon í e Dick Cheney, ina 46ú leasuachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá, nuair a bhí George W. Bush ina uachtarán agus i bhfad amach ar an eite dheis; Ffear mór cogaidh a bhí ann, i bhfad amach ar an eite dheis.
Gairm
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí cúraimí tábhachtacha uirthi faoi rialtas George W Bush agus dearcadh an-choimeádach aici faoi chúrsaí slándála agus í go mór ar son an dreama míleata agus lucht gnó. Bhí athair Cheney ina phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an gcomhlacht Halliburton - tionscal na harmála - go dtí an bhliain 2000. Tá Liz Cheney ina hionadaí sna Stáit Aontaithe do cheantar comhdhála iomlán Wyoming ó 2017 go dtí 2023. Bhí sí ina Cathaoirleach ar Chomhdháil Phoblachtánach an Tí ó 2019 go 2021, an tríú post is airde i gceannaireacht na bPhoblachtach i dTeach na Comhdhála, ó 2019 go 2021.
Easaontas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa mbliain 2021 thacaigh Liz Cheney le táinseamh an Uachtaráin Trump faoin ionsaí a rinneadh ar an gCaipeatól.[1][2][3] Dá bharr sin, bhain na Poblachtánaigh ceannaireacht an pháirtí sa bparlaimint di mí Bealtaine 2021.[3] Faoi Shamhain 2021 chinn lárchoiste a páirtí [31v29] ina stát féin, Wyoming, nach n-aithneofaí feasta í mar bhall den pháirtí Poblachtánach. Dúirt Trump gur chóir do Cheney náire a bheith uirthi ach gur ghearr go ndéanfaí dearmad iomlán uirthi.[3]
Ceaptar go bhfuil suim ag Liz Cheney a bheith aici seasamh i dtoghchán na huachtaránachta.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Olivia Ol, er. "Liz Cheney: ‘Bond’ with Republicans who voted to impeach ‘forever’" (en). POLITICO. Dáta rochtana: 2022-08-24.
- ↑ Domenico Montanaro (2022-08-20). "The 3 prongs of Liz Cheney's campaign against Trump — will they work?" (en). NPR. Dáta rochtana: 2022-08-24.
- ↑ 3.0 3.1 3.2 3.3 "An bhróg tugtha ag lucht vótála an Pháirtí Phoblachtánaigh do Liz Cheney" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-08-24.