Liliʻuokalani
Ainm sa teanga dhúchais | (haw) Lili‘uokalani |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (haw) Lydia Liliʻu Loloku Walania Kamakaʻeha 2 Meán Fómhair 1838 Honolúlú, Hawaii |
Bás | 11 Samhain 1917 79 bliana d'aois Honolúlú, Hawaii |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Rith fola ceirbreach) |
Áit adhlactha | Royal Mausoleum of Hawaii (en) |
Monarc | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Church of Hawaii (en) |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Royal School (en) |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, monarc, cumadóir, dírbheathaisnéisí |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Náisiúnta Haváí |
Teangacha | An Haváís agus Béarla |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Eile | |
Teideal uasal | Céile an rí |
Teaghlach | Teaghlach Kalākaua |
Céile | John Owen Dominis (1862–1891) |
Páiste | John ʻAimoku Dominis |
Athair | Kapaakea agus Keohokālole |
Siblín | Anna Kaiulani, Likelike, Kaiminaauao, Kalākaua, Leleiohoku II, Kaliokalani agus Bernice Pauahi Bishop |
Duine muinteartha | Kōnia (tuismitheoir uchtála) |
Gradam a fuarthas | |
Banríon Haváíoch agus cumadóir ceoil Haváí ab ea Liliʻuokalani nó Lydia Lili‘u Loloku Walania Wewehi Kamaka‘eha an monarc deireanach sna hOileáin Haváíocha (2 Meán Fómhair 1838 – 11 Samhain 1917). Bhí sí i réimeas ar an tír ó 29 Eanáir 1891 go deireadh na ríochta ar 17 Eanáir 1893.
Rugadh Liliʻuokalani ar 2 Meán Fómhair 1838 in Honolulu, ar oileán Oahu. Analea Keohokālole agus Caesar Kapaʻakea a tuismitheoirí, ach iníon altrama ab ea í ag Abner Pākī agus Laura Kōnia, nós ar thugtar hānai. Tionchar mór a bhí uirthi ná Bernice Pauahi Bishop, a bhunaigh na Scoileanna Kamehameha. Baisteadh mar Chríostaí í agus oileadh í sa Scoil Ríoga. Chinn an rí go raibh Liliʻuokalani agus a deartháireacha incháilithe don choróin.
Phós sí John Owen Dominis, fear gnó Meiriceánach as Bostún. Níor rugadh páistí dóibh ach d'uchtaigh siad roinnt páistí eile. I ndiaidh dá deartháir, Kalākaua, teacht i gcoróin, ghlac na daoine óga den ghlúin sa teaghlach leis na teidil ríoga úd ón Iarthar, Prionsa agus Banphrionsa. Sa bhliain 1877, gaireadh banphrionsa na corónach di. Le linn Iúbaile Órga na Banríona Victoria cuireadh í go dtí an Ríocht Aontaithe mar thoscaire oifigiúil a dhearthár.
Chum sí breis agus 100 amhrán sa stíl Haváíoch, orthu siúd Aloha 'Oe, a bhfuil cáil air ar fud an domhain.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |