Liliʻuokalani

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Liliʻuokalani
Liliuokalani in 1880, from- Hawaii album, p. 49, portrait of a woman (cropped).jpg
monarc

Saol
Ainm iomlánLydia Liliʻu Loloku Walania Kamakaʻeha
Eolas breitheHonolúlú, 2 Meán Fómhair 1838
NáisiúntachtKingdom of Hawaiʻi (en) Aistrigh
Stáit Aontaithe Mheiriceá
BásHonolúlú, 11 Samhain 1917
Áit adhlacthaRoyal Mausoleum of Hawaii (en) Aistrigh
Cúis bháisbás nádúrtha (rith fola ceirbreach)
Muintir
AthairKapaakea
MáthairKeohokālole
Céile/CéilíJohn Owen Dominis  (Meán Fómhair 16, 1862 -  Lúnasa 27, 1891)
Siblíní
Teaghlach
liosta iomláin
TreibhTeaghlach Kalākaua
Oideachas
Alma materRoyal School (en) Aistrigh
TeangachaHaváís
an Béarla
Gairm
Gairmscríbhneoir, cumadóir, monarc agus dírbheathaisnéisí
Saothar iomráiteachHe Mele Lahui Hawaii
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinChurch of Hawaii (en) Aistrigh
Páirtithe polaitíochtaHawaiian National Party (en) Aistrigh
IMDbnm0510253
Discogs ID826309
Liliuokalani's signature (Anti-Annexation Protest Documents, June 17, 1897, Washington D C).svg

Banríon Haváíoch agus cumadóir ceoil Haváí ab ea LiliʻuokalaniLydia Lili‘u Loloku Walania Wewehi Kamaka‘eha an monarc deireanach sna hOileáin Haváíocha (2 Meán Fómhair 183811 Samhain 1917). Bhí sí i réimeas ar an tír ó 29 Eanáir 1891 go deireadh na ríochta ar 17 Eanáir 1893.

Rugadh Liliʻuokalani ar 2 Meán Fómhair 1838 in Honolulu, ar oileán Oahu. Analea Keohokālole agus Caesar Kapaʻakea a tuismitheoirí, ach iníon altrama ab ea í ag Abner Pākī agus Laura Kōnia, nós ar thugtar hānai. Tionchar mór a bhí uirthi ná Bernice Pauahi Bishop, a bhunaigh na Scoileanna Kamehameha. Baisteadh mar Chríostaí í agus oileadh í sa Scoil Ríoga. Chinn an rí go raibh Liliʻuokalani agus a deartháireacha incháilithe don choróin.

Phós sí John Owen Dominis, fear gnó Meiriceánach as Bostún. Níor rugadh páistí dóibh ach d'uchtaigh siad roinnt páistí eile. I ndiaidh dá deartháir, Kalākaua, teacht i gcoróin, ghlac na daoine óga den ghlúin sa teaghlach leis na teidil ríoga úd ón Iarthar, Prionsa agus Banphrionsa. Sa bhliain 1877, gaireadh banphrionsa na corónach di. Le linn Iúbaile Órga na Banríona Victoria cuireadh í go dtí an Ríocht Aontaithe mar thoscaire oifigiúil a dhearthár.

Chum sí breis agus 100 amhrán sa stíl Haváíoch, orthu siúd Aloha 'Oe, a bhfuil cáil air ar fud an domhain.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]