Lilian Seenoi-Barr
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Deireadh Fómhair 1981 43 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Uladh |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Sóisialta Daonlathach an Lucht Oibre |
Is comhairleoir cathrach ón PSDLO i nDoire í Lilian Seenoi-Barr (a rugadh in 1981/1982). Is de bhunadh na Céinia í, de chuid na Maasai.[1] Is í an chéad bhean dhubh riamh a hainmníodh mar mhéara údaráis áitiúil in Éirinn.[2] Ar an 30 Aibreán 2024, bhí sí ainmnithe mar Mhéara Chomhairle Dúiche Chathair Dhoire agus an tSratha Báin (ó 3 Meitheamh 2024-2025)..[3]
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Oibrí pobail ar son mná agus páistí de threibh na Masaíoch ab ea í sa Chéinia sula mb’éigean di teitheadh lena mac beag. Teifeach a bhí inti agus tháinig sí féin agus a teaghlach go Doire in 2010. B'éigean di dul i ngleic le neart dúshlán ag an am.
Chuir an pobal aithne uirthi mar ghníomhaí ar mhaithe le hinimircigh; bhunaigh sí Fóram na nInimirceach san iarthuaisceart (NorthWest Migrants’ Forum) agus is í a phríomhfheidhmeannach.[4]
Ba ea é ceannaire an SDLP Colum Eastwood a d'iarr uirthi dul isteach sa pháirtí. Chomhthoghadh í mar chomhairleoir cathrach in 2021. Toghadh í don Chomhairle in 2023 don chéad uair.[5]
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí an chaoi ar roghnaigh an PSDLO Seenoi-Barr mar mhéara cáinte ag daoine áirithe sa pháirtí. Dar leis na daoine sin go raibh an próiseas "neamhdhaonlathach". D'éirigh an comhairleoir Jason Barr as an bpáirtí dá bhíthin, é ag líomhain nár tugadh deis chothrom dó féin a bheith ina h-iarrthóir don ainmniúchán mar mhéara.[6]
Os a choinne sin, dúirt an SDLP gur leanadh na rialacha a leagadh síos.
Bhí an racht fuatha ar mheáin shóisialta - sa bhaile agus i gcéin - scanrúil. Dúirt ceannaire an SDLP, Colum Eastwood go raibh bagairtí báis an-tromchúiseach i measc an rabharta drochíde. Tá an PSNI i mbun fiosraithe ar an mbonn gur choireanna fuath ciníoch iad na bagairtí.
I measc na ndaoine a chuir teachtaireachtaí maslacha ar mheáin shóisialta bhí an teoiricí comhcheilge Meiriceánach, Alex Jones. Sin é an fear a dúirt gur chur i gcéill ab ea uafás Sandy Hook, an t-ionsaí lámhaigh ar bhunscoil i Connecticut inar maraíodh 20 páiste agus seisear daoine fásta in 2012.[4]
Dúirt Seenoi-Barr gur roghnaíodh í de thoradh próiseas a bhí iontaofa agus tar éis do cheannasaíocht an pháirtí agallamh a chur ar thriúr iarrthóirí, í féin ina measc[2] agus go ndearna an drochíde níos diongbháilte í go mbeadh ionadaíocht níos uileghabhálaí ag Doire agus go seasann móramh an phobail léi.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Maasai people" (as en) (2024-04-29). Wikipedia.
- ↑ 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-04-30). "Bean de bhunadh na Céinia ainmnithe mar chéad mhéara eile Dhoire" (as ga-IE).
- ↑ "Mayor of Derry City and Strabane" (as en) (2024-05-01). Wikipedia.
- ↑ 4.0 4.1 4.2 Póilín Ní Chiaráin (8 Bealtaine 2034). "Smál an chiníochas ar cheapachán stairiúil i nDoire" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-05-09.
- ↑ "Lilian Seenoi-Barr set to become Northern Ireland’s first Black mayor" (en). The Independent (2024-04-29). Dáta rochtana: 2024-05-01.
- ↑ "SDLP councillor resigns after row over selection of Derry’s new mayor" (en-IE). BelfastTelegraph.co.uk (2024-04-29). Dáta rochtana: 2024-05-01.