Liam Mac Amhlaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaLiam Mac Amhlaigh
Beathaisnéis
BreithContae Chill Mhantáin Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

Twitter: LiamMacAmhlaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Is scoláire agus scríbhneoir Éireannach é Liam Mac Amhlaigh. Rugadh i gContae Chill Mhantáin é ach i mBaile Átha Cliath a tógadh é. Bhain sé céimeanna amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gColáiste na Tríonóide. Tá sé ina léachtóir i gColáiste Oideachais Froebel, comhcholáiste de chuid Ollscoil na hÉireann, Má Nuad. Tá taighde déanta aige i bhfoclóireacht na Nua-Ghaeilge, ealaín an ghearrscéil Ghaeilge, saol agus saothar Mháirtín Uí Chadhain agus filíocht chomhaimseartha na Nua-Ghaeilge.

Tá ailt foilsithe aige ar fhilí comhaimseartha na Nua-Ghaeilge, leithéidí Mháire Mhac an tSaoi, Sheán Ó Ríordáin agus Mháirtín Ó Direáin. D'fhoilsigh Comhar úrscéal leis, Teach na gColúr, sa bhliain 2006. Bhuaigh an leabhar sin gradam i gComórtas Liteartha an Oireachtais. Sa bhliain 2008 d'fhoilsigh Cois Life Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge, ina bhfuil spléachadh ar fhoclóireacht na Gaeilge ó Shanasán Uí Chléirigh (1643) go foclóir Néill Uí Dhónaill (1978).

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]