Liam Hamilton
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 8 Meán Fómhair 1928 Baile Mhistéala, Éire |
Bás | 29 Samhain 2000 72 bliana d'aois Domhnach Broc, Éire |
Áit adhlactha | Reilig Sheangánaí |
Príomh-Bhreitheamh na hÉireann | |
22 Márta 1994 – 1 Meitheamh 2000 ← Thomas Finlay – Ronan Keane (en) → | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | breitheamh, dlíodóir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre |
Breitheamh Éireannach ba ea Liam Hamilton (8 Meán Fómhair 1928 – 29 Samhain 2000).
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Fuair Liam Hamilton a chuid oideachais ag Scoil na mBráithre Baile Mhistéala, Coláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath agus Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é i 1956 agus bhuaigh sé Scoláireacht John Brooke don mhac léinn is fearr sa bhliain dheireanach. Glaodh chun Bharra na Sinsear é i 1968.[1]
Ceapadh Hamilton ina Bhreitheamh Ard-Chúirte i 1974, rinneadh Uachtarán na hArd-Chúirte de i 1985, agus bhí sé ina Phríomh-Bhreitheamh ó 1994 go 1999.
Nuair a chuaigh Hamilton ar scor óna phost mar Phríomh-Bhreitheamh sa bhliain 1999, ceapadh é don fhiosrúchán ar bhuamaí Bhaile Átha Cliath, Mhuineacháin agus Dhún Dealgan i 1976, ach d'éirigh sé as ar chúiseanna sláinte.[1] Fuair sé bás ar 29 Samhain, 2000.
Cásanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Hamilton an t-aon bhall de bhinse fiosrúcháin a bhunaigh an Rialtas i 1991, agus a shuigh ó 1994 go 1994, le líomhaintí gníomhaíochta mídhleathaí, calaoise agus míchleachtais sa tionscal próiseála bia, a fhiosrú.[1]
Bhí Hamilton ina Bhreitheamh ainmniúil sa Chúirt Choiriúil Speisialta, agus bhí sé i gceannas ar roinnt cásanna ardphróifíl, lena n-áiríodh cás robála traenach Salins, trialacha iad siúd a luadh a n-ainmneacha le dúnmharú Mountbatten amach ó chósta Shligigh i 1979 agus smuigléirí gunna Eskund.
Mar bhreitheamh Ard-Chúirte, d'áirigh a chuid mórchinntí Murphy v. Attorney General (1982), áit ar shocraigh sé go raibh comhchánú lánúineacha pósta míbhunreachtúil, agus Kennedy v. Éire (1987), a bhunaigh teorannacha le cumas an Stáit cur isteach ar shaol príobháideach saoránach.
Mar Phríomh-Bhreitheamh, d'áirigh a chuid cinntí ba thábhachtaí: I maidir leis an mBille um Rialú Eolais (Seirbhísí taobh amuigh den Stát le Deireadh a chur le Toircheas), 1995 (1995) inar sheas an Chúirt Uachtarach le bailíocht an bhearta a lig rochtain ar eolas ar sheirbhísí comhairleachta agus clinicí ginnmhillte agus T.F. v. Éire (1995), a d'aithnigh cliseadh doleigheasta pósta mar bhunús d'idirscaradh breithiúnach.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Cúirt Uachtarach na hÉireann. "Iar-Phríomh-Bhreithiúna". www.supremecourt.ie. Dáta rochtana: 2021-08-01.