Leon Max Lederman
Appearance
Fisiceoir a saolaíodh ar 15 Iúil 1922 i Nua-Eabhrac ab ea Leon Max Lederman. Agus é ag obair le Melvin Schwartz is Jack Steinberger i Saotharlann Náisiúnta Luasairí Fermi i mBatavia, Illinois i 1962, chruthaigh sé go raibh dhá fhocháithnín ag an muón, an neoidríonó-mhuón is an leictreonmhuón, rud a thaispeáin gur dhócha go raibh na cáithníní bunúsacha ina nglúinte, agus neoidríonónna gaolmhara ag an leictreon, an muón, is an tó-leaptón. Roinn an triúr Duais Nobel na Fisice i 1988 as an obair seo. Ina dhiaidh sin d'fhionn sé an céón neodrach fadsaolach is an bunchuarc. Fuair sé bás ar an 3 Deireadh Fómhair 2018.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Leon Max Lederman". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 402.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |