Leiv Eiriksson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Tabhair faoi deara gur ainm athartha atá ar an duine seo, seachas sloinne. Dá bhrí sin, is ceart Leiv a thabhairt air in ionad Eiriksson.
Leiv Eiriksson
Viking at MN Capitol.jpg
Saol
Eolas breitheEiríksstaðIr agus Icelandic Commonwealth (en) Aistrigh, thart ar 970
NáisiúntachtIcelandic Commonwealth (en) Aistrigh
BásBrattahlíð (en) Aistrigh agus An Ghraonlainn, thart ar 1020
Muintir
AthairErik an Dearg
Siblíní
Oideachas
TeangachaOld West Norse (en) Aistrigh
Gairm
Gairmtaiscéalaí agus mairnéalach
Cleamhnú
ReiligiúinAn Chríostaíocht

Taiscéalaí Lochlannach ba ea Leiv Eiriksson (Sean-Lochlainnis: Leifr Eiríksson, .i. Leif mac Eirik; t. 970 – t. 1019 go 1025). De réir ságaí Íoslannacha, bhunaigh Leiv coilíneacht de chuid na Lochlannach i d"Tír na bhFíniúnacha", a bhí i Meiriceá Thuaidh de réir dealraimh, thart ar leithmhílaois roimh Chríostóir Colambas. Ceaptar gurbh fhéidir gurb ionann an choilíneacht sin agus lonnaíocht Lochlannach a fuarthas i L'Anse aux Meadows i dTalamh an Éisc.

Saol luath agus pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le hErik Rua, bunaitheoir na chéad lonnaíochta Lochlannach sa nGraonlainn, agus le Þjóðhildur na hÍoslainne, ab ea Leiv. Ceaptar gur rugadh é san Íoslainn, ach tógadh é i Lonnaíocht Oirthearach na Graonlainne, in eastát a mhuintire arbh ainm dó Brattahlíð. Tráill de chuid Erik, Tyrker, a thóg Leiv ar altramas.

Bhí beirt mhac ag Leiv, Thorgils, ar ar rug an bhean uasal Thorgunna in Inse Ghall; agus Thorkell, a tháinig i gcomharbacht ar a athair mar thaoiseach sa nGraonlainn.