Jump to content

Leannán sí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is pearsa osnádúrtha i mbéaloideas na nGael í an leannán sí[1] (seanlitriú: leannán sídhe; Gaeilge na hAlban: leannan-sìthe;[2] Gaeilge Mhanann: lhiannan shee). Déantar cur síos uirthi mar bhean álainn den Aos Sí a mheallann fir dhaonna. Na fir a thiteann i ngrá leis an leannán sí, deirtear go bhfaigheann siad bás go hóg, ach go gcaitheann siad saol spreagtha.

Tugtar “leannán sí” freisin ar dhuine easláinteach a dhéanann gearán.[1]

  1. 1 2 Niall Ó Dónaill, eag.: Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): leannán sí (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-08-07.
  2. Michael Bauer. leannan-sìthe - fairy lover (gd). Am Faclair Beag. Dáta rochtana: 2023-08-07.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]