Leamhachán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Meascán leamhacháin

Is milseogra nó cineál milseán é leamhachán (nó leáchán) atá bog agus éadrom. Déantar le siúcra, uisce, geilitín agus deaslós é. Bíonn raimhre múscánta aige. Is breá le leanaí leamhacháin a ithe mar gheall ar cé chomh bog is atá siad. Go hiondúil, cuirtear ar mhullach cistí iad mar mhaisiúchán.

Is nós ag Meiriceánaigh iad a leá os comhair tine agus iad a ithe le seacláid. Glaotar s'mores orthu seo.