Jump to content

Teanglann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Suíomh GréasáinTeanglann
URLhttps://www.teanglann.ie/ agus http://breis.focloir.ie/ Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsuíomh gréasáin Cuir in eagar ar Wikidata
Cur i seirbhís31 Deireadh Fómhair 2013 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáin a sholáthraíonn foclóirí tábhachtacha Gaeilge, chomh maith le sonraí gramadaí agus foghraíochta, is ea Teanglann. Tugtar an Leabharlann Teanga agus Foclóireachta ar an suíomh freisin.[1] Is é Foras na Gaeilge a d'fhorbair an suíomh mar thionscadal comhthreomhar le tionscadal an Fhoclóra Nua Béarla-Gaeilge.

Tá leaganacha inchuardaithe leictreonacha den English-Irish Dictionary (eag. Tomás de Bhaldraithe, 1959), Foclóir Gaeilge-Béarla (eag. Niall Ó Dónaill, 1977), agus An Foclóir Beag (eag. Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, 1991) ar an suíomh.

Tá leagan den suíomh ar fáil mar aip ar Google Playstore agus Apple Appstore freisin, saor in aisce.

Is féidir suas le 3 fhoclóir Gaeilge móide na comhaid ghramadaí agus fuaime a íoslódáil. Agus is féidir leat úsáid na mbunachar uile a shaincheapadh de réir do riachtanais féin – má bhíonn spás ag teastáil ar do ghléas, is féidir fáil réidh le bunachair áirithe, agus iad a ath-íoslódáil níos déanaí más mian.[2]

Feidhmeanna agus gnéithe

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  •    Uathchríochnú sa chuardach chun cabhrú leat focail agus frásaí a aimsiú go tapa;
  •    Cuir réiltín leis na hiontrálacha is fearr leat chun iad a shábháil;
  •    Liosta de na cuardaigh is déanaí a rinne tú;
  •    Tapáil faoi dhó ar fhocal in iontráil chun é sin a chuardach;
  •    An comhéadan ar fáil i nGaeilge nó i mBéarla (nó sa Fhraincis).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir teacht ar an leagan den aip do ghléasanna Apple anseo agus an leagan Android anseo

  1. "Maidir leis an suíomh seo". Dáta rochtana: 2024-11-10.
  2. "Aip an tsuímh" (ga). www.teanglann.ie. Dáta rochtana: 2024-11-10.