Lascghéagán

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is lascghéagán[1][2] (nó lascnaid[3]) ann ná struchtúr, cosúil le lasc, a fhaightear ar chuid de na baictéir agus cuid mhaith orgánach le núicléas scoite a chuimsíonn an t-ábhar géiniteach. Feidhmíonn na lascnaidí chun an t-orgánach a thiomáint is a ghluaiseacht, ag rothlú i gcás na mbaictéar, ag guagaíl i gcás na gceall eile. Ar na horgánaigh dheireanacha seo, bíonn dhá shaghas lascnaide: cineál mín, cosúil le fuip, agus cineál atá cosúil le tinsil le sraitheanna gruaige ar a fhad.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Pádraig Ó Mianáin, eag.: “flagellum — Aistriúchán Gaeilge ar flagellum (An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge)” (ga). An Gúm (2020). Dáta rochtana: 2023-07-14.
  2. “flagellum” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-14.
  3. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): lascnaid” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-07-14.
  4. Hussey, Matt (2011). "Lascnaid". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 396.