L.K. (Lucy) Holt

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaL.K. Holt
Beathaisnéis
Breith1982
41/42 bliana d'aois
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla na hAstráile

File Astrálach is ea L.K. (Lucy) Holt. Rugadh in Melbourne í sa bhliain 1982. Chaith sí a hóige in Adelaide san Astráil Theas agus d’fhill ar Melbourne chun staidéar a dhéanamh ar an stair. Tharraing na healaíona físiúla a haird ar an bhfilíocht, agus tháinig sí faoi thionchar Shéamuis Heaney, John Donne agus roinnt filí eile.

Tá dhá bhailiúchán foilsithe aici. Bronnadh Duais Kenneth Slessor ar Man Wolf Man (2009) agus tugadh Duais Grace Leven di as Patience, Mutiny (2010).

Bhí sí ina heagarthóir ar Blast: Poetry & Critical Writing, agus faoi láthair tá sí ar eagarthóirí So Long Bulletin of Australian Poetry & Criticism[1]

Tá sé curtha ina leith go bhfuil rian an leanna dhuibh agus an traidisiúin ar a saothar. Deir sí go bhfuil meas aici ar an bhfilíocht mar dhianealaín. Tá cuma fhoirmiúil ar a cuid dánta (soinéid, mar shampla) ach is gnáth léi an fhoirmiúlachas a chur as a riocht beagán.

You set me likewise on this rock
and ordered me to stay.
My heart a vessel
misemployed above the watermark,
the sea’s black pelt gleaming
in the light underneath.
Steady is the pulse of the promisee’s heart:
one beat mutinous; patient the other. (Sliocht as Untitled)

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Man Wolf Man. Melbourne: John Leonard Press 2007
  • Patience, Mutiny. Melbourne: John Leonard Press 2010
  • This is Mars. Melbourne: John Leonard Press 2010

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]