Vincent Buckley

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaVincent Buckley
Beathaisnéis
Breith8 Iúil 1925
Romsey, Victoria, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Bás12 Samhain 1988
63 bliana d'aois
Melbourne, Victoria Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnEaglais Chaitliceach Rómhánach
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste St. Catharine, Cambridge
Ollscoil Melbourne
Coláiste Phádraig, Melbourne Thoir Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Gradam a fuarthas

Is file, criticeoir agus ollamh le Béarla san Astráil ba ea Vincent Thomas Buckley. Ba de shliocht Éireannach é agus is minic a thug sé cuairt ar Éirinn. Bhí sé ar na criticeoirí ab fhearr a bhí ann lena linn san Astráil agus ba chuid suntais é mar fhile. Bhí Éire agus an Astráil nasctha le chéile ina intinn mar ábhar fiosraithe agus fílíochta.

Fás agus forbairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh é do Patrick Buckley, carraeir, agus do Francis Margaret (née Condon) ar 8 Iúil 1925, ag Romsey in Victoria,[1] ceantar cnocach tuaithe mar a raibh pobal de shliocht Éireannach. Fuair sé oideachas ó na hÍosagánaigh i gColáiste Naomh Pádraig, Melbourne Thoir.

Liostáil sé in Aerfhórsa Ríoga na hAstráile sa bhliain 1943. Cuireadh abhaile as easláinte é sa bhliain 1945, agus sa bhliain 1946 chláraigh sé in Ollscoil Melbourne, áit a ghnóthaigh sé BA (1950) agus MA.[2]

Ollscoil Melbourne: Sean-Fhoirgneamh na nEalaíon (1854)

Phós sé Edna Jean Forbes sa bhliain 1947 in Melbourne agus bhí beirt iníon acu roimh dóibh colscaradh. Ón mbliain 1951 amach bhí sé ag múineadh i Roinn Béarla na hOllscoile. D'fhoilsigh sé an chéad chnuasach filíochta aige (The World's Flesh) sa bhliain 1954, cé gur léir le haimsir go raibh laige éigin inti le hais a ndéanfadh sé feasta agus é ag cleachtadh friotal níos líofa. Fuair sé ceann de scoláireachtaí taistil Mannix, rud a lig dó seal a thabhairt in Ollscoil Cambridge idir 1955 agus 1957, ag déanamh staidéir ar chritic mhorálta Matthew Arnold, F.R. Leavis agus T.S. Elliot. Thosaigh sé ag dul go hÉirinn sa tréimhse seo.

D'fhoilsigh sé Essays in Poetry: Mainly Australian sa bhliain 1957 agus Poetry and Morality sa bhliain 1959. Chuidigh an chéad chnuasach úd le liosta de scríbhneoirí tábhachtacha Astrálacha a shocrú (Judith Wright, Kenneth Slessor, James McAuley agus daoine eile), rud ba ghá a dhéanamh chun go mbeadh leabhair ar fáil le haghaidh cúrsaí ollscoile.[3]

Sa bhliain 1966 d'fhoilsigh sé Arcady and Other Places, cnuasach a chuir in iúl den chéad uair a chumas ceart mar fhile agus an chiall a bhí aige don saol ábhartha.

Cúrsaí polaitíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Buckley ina Chaitliceach liobrálach. Chuma sé dánta ag aoradh an Stailíneachais agus chuir sé i gcoinne an ghníomhaíochais choimeádaigh Chaitlicigh a bhí ar siúl mar chuid de "Catholic Action". Ar feadh sé bliana, ón mbliain 1958 amach, rinne sé eagarthóireacht ó am go chéile ar Prospect, iris a mbíodh a lán Caitlicigh den chlé lárnach ag scríobh di.

Sa bhliain 1969 bhunaigh sé Coiste na gCearta Sibhialta in Éirinn, cé go raibh amhras aige faoin am sin ar an smál a d'fhéadfadh an pholaitíocht a fhágáil ar an bhfilíocht.

An saothar déanach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Ollscoil Melbourne cathaoir phearsanta do Buckley sa bhliain 1967. Sa bhliain 1968 d'fhoilsigh sé Poetry and the Sacred, cnuasach aistí faoi scríbhneoirí a léiríonn an diamhair tríd an rómánsachas. Bhí sé ag seachaint an teoiriceachais anois agus ag díriú ar an "naofacht", murab ionann is roinnt sean-Leaviseach eile a chuaigh i leith an Mharcsachais. Bhí a chuid Caitliceachais féin ag éirí níos caolchúisí, níos meitifisicí.

Níor thaitin rómhaorlathas na hollscoile riamh leis agus b'fhuath leis anois é. Ní raibh an tsláinte rómhaith aige ach oiread. Lean sé air ag filleadh ar Éirinn, ach shíl sé, sna blianta roimh an rathúlacht nua, go raibh an tír dulta amú agus go raibh na drugaí dulta i ngreim i saol na cathrach. Tír í, dar leis, ar theip a cuimhne uirthi.

Cailleadh Buckley le taom croí ar 12 Samhain 1988.

Cuireadh duais filíochta Vincent Buckley ar bun sa bhliain 1992, duais a bhronntar faoi seach ar fhilí ón Astráil agus ó Éirinn.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. [https://web.archive.org/web/20071223163222/http://www.austlit.com/a/buckley/index.html Curtha i gcartlann 2007-12-23 ar an Wayback Machine Acmhainní ALM um Litríocht na hAstráile – Vincent Buckley
  2. [https://web.archive.org/web/20041027192927/http://www.unimelb.edu.au/150/150people/buckley.html Curtha i gcartlann 2004-10-27 ar an Wayback Machine Ceiliúradh 150 Bliain Ollscoil Melbourne
  3. Rinne Buckley féin tagairt dó seo: It is a fact that over 150 years there has been produced in Australia a body of work which at its best demands some degree of critical attention. And it is a fact that most Australians are unaware of its existence or of its occasional strength. (The ignorance of university students, for example, is deplorable.) One of the results of this comparative ignorance is that we have not so far evolved a convincing canon of books, or a habit of critical discussion capable of dealing with the issues which the existence of this body of work presents us with. Meanjin, No. 76, volume xviii, number 1, 1959, lch 59
  4. "Irish poet Mark Granier wins Vincent Buckley Poetry Prize (preasráiteas, 21 Eanáir 2004)". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 21 Eanáir 2009. Dáta rochtana: 20 Meitheamh 2012.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]