Emma Lew

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaEmma Lew
Beathaisnéis
Breith1962
61/62 bliana d'aois
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Melbourne Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata

File Astrálach is ea Emma Lew. Foilsíodh a saothar go forleathan agus tá roinnt duaiseanna gnóthaithe aici.

Rugadh í sa bhliain 1962 in Melbourne agus rinne sí staidéar ar na healaíona in Ollscoil Melbourne. Níor thug sí faoin bhfilíocht go dtí an bhliain 1993. Roimhe sin bhíodh sí ag obair mar mhairnéalach boird, mar fhreastalaí siopa, mar phrofléitheoir agus mar chléireach.[1]

Tháinig a saothar amach ina lán irisí agus duanairí san Astráil agus thar lear. Ghnóthaigh a céad bhailiúchán, The Wild Reply, an Mary Gilmore Prize sa bhliain 1998, agus ghnóthaigh sí féin agus file eile Duais Dhíolaim Filíochta na Bliana de chuid The Age an bhliain chéanna. Foilsíodh an dara leabhar aici, Anything the Landlord Touches sa bhliain 2002, agus chuir Shearsman Books amach sa Ríocht Aontaithe é sa bhliain 2006. Ghnóthaigh sé Duais Filíochta C.J. Dennis (Victorian Premier's Prize) sa bhliain 2003, in éineacht le Duais Calanthe Filíochta Judith Wright (Queensland Premier's Prize).

Foilsíodh dánta léi ar na hirisí a leanas: Heat, Meanjin, Island, Overland, Southerly, PN Review agus Hanging Loose. Chuir Potes & Poets Press leabhairín dá cuid dánta amach.

Foilsíodh bailiúchán de dhánta roghnaithe i nGearmáinis, Nesselgesang, sa bhliain 2008. (Mirko Bonne a d’aistrigh.)

A saothar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Baineann Lew leas as an stair, as dreach na tíre agus as imeachtaí a saoil féin ina cuid filíochta. Tá stíl thagrach shofaisticiúil aici a bhfuil blas an tochta agus na híoróine uirthi agus atá breac le híomhánna gan choinne.

There’s an old heaven at work in me,
innocent as a cemetery.
It starts with the speed and sound of barricades,
more pillage and more homage... (Trench Music)

Tharraing criticeoirí aird ar ghuth drámatúil an fhile, ar dhéine osréalach a friotail agus ar an ngeit a bhaineann a cuid dánta as an léitheoir. Tá sí go maith chun rud géar pearsanta a dhéanamh d’imeachtaí an ama atá caite.[2] Tá sé ráite fúithi go bhfuil blas fáthchiallach Oir-Eorpach ar a friotal.[3]

We have one life. Why spend it being feebly decent?
We see but one night; we contain others.
I ask myself if this path and all those terrible detours were really necessary.
There is a reason for everything, and our catastrophe... (Riot Eve)

Foilseacháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Emma Lew Curtha i gcartlann 2009-05-03 ar an Wayback Machine (Thylazine Australian Artists and Writers Directory)
  2. Michael Brennan, ‘Emma Lew’: http://www.poetryinternationalweb.net/pi/site/poet/item/669/15/Emma-Lew Curtha i gcartlann 2013-08-01 ar an Wayback Machine
  3. Ashlley Morgan Shae, ‘Emma Lew’ in Cordite: http://cordite.org.au/reviews/justin-lowe-reviews-emma-lew-ashlley-morgan-shae/

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]