Judith Wright

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJudith Wright

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith31 Bealtaine 1915
Armidale, New South Wales Cuir in eagar ar Wikidata
Bás26 Meitheamh 2000
85 bliana d'aois
Canberra, Australian Capital Territory Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Sydney Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreFilíocht
Gairmfile, staraí, léirmheastóir liteartha, scríbhneoir, gníomhaí ar son chearta an duine, gníomhaí timpeallachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairPhillip Wright
Gradam a fuarthas

Musicbrainz: 97c166cc-fb25-4d24-990d-d7bd39acd13f Discogs: 1842493 Cuir in eagar ar Wikidata

File Astrálach agus comhshaolaí ba ea Judith Arundell Wright (31 Bealtaine 1915 - 26 Meitheamh 2000). Bhíodh sí ag troid ar son chearta talún na mBundúchasach.[1]


A saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh í in Armidale do Ethel agus John Wright, grásaeir. Bhí a muintir ina gcónaí san Astráil le fada an lá. Cailleadh a máthair go hóg sa bhliain 1927 agus d'fhan Wright le haintín di. Nuair a phós a hathair arís sa bhliain 1929 cuireadh í in aois a ceithre bliana déag chun New England Girls' School, áit ar shocraigh sí ar fhile a dhéanamh di féin.

Sa bhliain 1934 chuaigh sí chun Ollscoil Sydney agus rinne staidéar ar fhealsúnacht, stair, shíceolaíocht agus Bhéarla, cé nár bhain sí céim amach.[2]

Idir na blianta 1937 agus 1938 bhí sí ag siúl na Breataine agus na hEorpa, agus bhí sí ag obair mar luathscríobhaí agus chléireach anuas go dtí an bhliain 1944. Idir na blianta 1944 agus 1948 bhí sí ina staitisticí ag Ollscoil Queensland. D’fhoilsigh sí a céad díolaim filiochta, The Moving Image, sa bhliain 1946 agus í ag obair in Ollscoil Queensland. Bhí sí ag obair freisin le Clem Christesen ar Meanjin, iris liteartha.

Sa bhliain 1950 d’aistrigh sí go Mount Tamborine, Queensland le Jack McKinney, úrscéalaí agus fealsamh teibí, agus rugadh Judy, a n-iníon, an bhliain chéanna. Phós siad sa bhliain 1962 agus cailleadh Jack sa bhliain 1966.[3]

Tar éis bhás a fir chéile thit sí i ngrá le H. C. "Nugget" Coombs, polaiteoir agus pearsa mhór phoiblí, caidreamh a mhair cúig bliana is fiche.[4]

Coiréil ar Sceir Flynn, cuid den Mhórsceir Bhacainneach a bhí Judith Wright ag iarraidh a chosaint.

Thosaigh na cluasa ag teip uirthi agus í sna fichidí, agus i gceann tamaill d’éirigh sí bodhar ar fad.[5]

File agus gníomhaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhoilsigh sí a lán cnuasach filíochta - The Moving Image, Woman to Man, The Gateway, The Two Fires, Birds, The Other Half, Magpies, Shadow agus a lán eile. Tá rian an dúlra ar a saothar agus baineann sí feidhm as fásra agus fána na tíre chun léargas a thabhairt ar an diamhair atá iontu mar íomhánna. Léargas é seo ar an ngaol atá idir saol na haigne agus an réalachas ábhartha. Tháinig cáil uirthi mar imshaolaí, agus sheas sí an fód go daingean chun an Mhórsceir Bhacainneach agus Oileán Fraser a chosaint. Chuaigh sí amach ar fhíoch agus áilleacht an nádúir.

That time of drought the embered air
burned to the roots of timber and grass.
The crackling lime-scrub would not bear
and Mooni Creek was sand that year.
The dingo's cry was strange to hear. (Drought Year)

Rud eile a d’fhág a rian ar a cuid filíochta ba é cás na mBundúchasach é. Chuir sí in iúl go géar an fhearg a bhí uirthi de bharr na drochíde a tugadh dóibh, agus thacaigh sí go tréan le feachtas na gcearta talún.[6]

Dúradh ina taobh gur chreid sí nach bhfuil fírinne na beatha le fáil sa mhachnamh a dhéantar ar conas cloí leis an bhfírinne sin, ach sa chloí féin. Níor rud ginearálta iad a daonnacht agus a nádúr, mar sin, ach sainrud dá cuid féin ar theastaigh gníomh pearsanta uaidh. Sin é an fáth a raibh sí chomh sáite sin i mbuairt an domhain.[7] Ar feadh a saoil chuir sí in iúl ina cuid filíochta agus próis an bhaint a bhí ag a muintir agus dá bhrí sin aici féin leis an díshealbhú.[8]

Cailleadh Judith Wright in Canberra ar 26 Meitheamh 2000 in aois a cúig bliana is ceithre scór.[9]

Liosta leabhar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Filíocht

  • The Moving Image, 1946
  • Woman to Man (1949)
  • Woman to Child (1949)
  • The Gateway (1953)
  • The Two Fires (1955)
  • Australian Bird Poems (1961)
  • Birds: Poems, Angus and Robertson, 1962; "Birds: Poems" (2003). National Library of Australia. [10]
  • Five Senses: Selected Poems (1963)
  • Selected Poems (1963)
  • Tentacles: A tribute to those lovely things (1964)
  • Sportsfield
  • City Sunrise (1964)
  • The Other Half (1966)
  • Alive: Poems 1971-72 (1973)
  • Fourth Quarter and Other Poems (1976)
  • Train Journey (1978)
  • The Double Tree: Selected Poems 1942-76 (1978)
  • Phantom Dwelling (1985)
  • A Human Pattern: Selected Poems (1990) ISBN 1-875892-17-6
  • The Flame Tree (1993)
  • Bullocky
  • Collected poems, 1942-1985, Angus & Robertson, 1994, ISBN 978-0-207-18135-1

Critic liteartha

  • William Baylebridge and the modern problem (Canberra University College, 1955)
  • Charles Harpur (1963)
  • Preoccupations in Australian Poetry (1965)
  • Henry Lawson (1967)
  • Collected Poems (1971)
  • Because I was Invited (1975)
  • Going on Talking (1991) ISBN 0-947333-43-6

Oibreacha eile

Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Le léamh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brady, Veronica (1998). South of My Days: A Biography of Judith Wright, Angus & Robertson. ISBN 0-207-18857-2

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]