Léasar adamhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Feiste a chruthaíonn léas adamh, le hairíonna cosúil le léas solais ó léasar. Go príomha, bíonn na tonnta a bhaineann leis na hadaimh comhleanúnach nó i bpas le chéile, agus bíonn an léas ó léasar adamhach níos gile ná gnáthléas neamh-chomhleanúnach adamh. Thaispeáin foireann Wolfgang Ketterle in Institiúid Teicneolaíochta Massachusetts an chéad léasar adamhach, a chruthaigh bíoga adamh, i 1997. Táirgeadh an chéad léasar adamhach le léas leanúnach adamh ag foireann Theodor Hänsch i München na Gearmáine i 1999. Meastar go mbeidh tionchar mór ag na léasair seo ar optaic adamhach, liteagrafaíocht adamhach, agus tomhais bheachta le trasnamhéadair adamhacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Léasar adamhach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 400.