Optaic adamhach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Ionramháil léis adamh neodrach, ar bhealach atá cosúil le hionramháil solais i ngnáthchórais optúla, le heilimintí optaice adamhaí atá coibhéiseach le scátháin, lionsaí, léasdeighilteoirí is eile. Mar shampla, is féidir patrúin toinne seasta a úsáid mar lionsaí is léasdeighilteoirí optaice adamhaí. Úsáidtear optaic adamhach chun micreastruchtúir a thógáil go díreach, adamh ar adamh, trí liteagrafaíocht adamhach, mar mhicreascóp adamhach, agus mar bhunús i dtomhais fhíorbheachta ghíreascópacha is imtharraingteacha.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Optaic adamhach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 498.