Léagúm
Sonraí | |
---|---|
Cineál | barr, bia agus shelf-stable food (en) |
Is éard is léagúm[1] ann ná planda san teaghlach Fabaceae (nó Leguminosae), nó an toradh nó síol dá shórt. I réimse na talmhaíochta, fástar léagúim, go príomha le haghaidh gráin bhia (mar shampla pónairí agus lintilí, nó go ginearálta piseánaigh), le haghaidh foráiste beostoic agus sadhlais, agus mar aoileach glas le haghaidh na hithreach a fheabhsú.
Bíonn pischineálaigh suntasach toisc go mbíonn baictéir shiombóiseacha fosaithe nítrigine ag an chuid is mó acu, i struchtúir a dtugtar nóidíní fréimhe.
Bíonn na léagúim seo a leanas measartha coitianta; alfalfa, seamair, piseanna, pónairí, lintilí, lúipíní, MESQUITE, carob, Pónairí soighe, piseanna talún agus tamarain.
Nuair a bhíonn sé aibí scoilteann in dhá chomhla, gach ceann ag iompar síolta ailtéarnacha. Uaireanta bíonn an scoilteadh pléascach, nó is féidir go gcasfaidh na comhlaí chun na síolta a scaipeadh níos leithne. Itear cuid mhaith díobh mar ghlasraí.
Tá tréith ar leith ag a leithéid de phlandaí, go bhfosaíonn siad nítrigin ón aer is go leasaíonn siad an ithir mar seo ó thaobh nítrigine de.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): léagúm” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-30.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Glasra pischineálach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 320.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin bhia é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |