Láthair Uaighe an Bhaile Bhoicht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Láthair Uaighe an Bhaile Bhoicht
Lipéad sa teanga dhúchais(ga) Láthair Uaighe an Bhaile Bhoicht
Sonraí
CineálReilig
Suíomh geografach
Limistéar riaracháinBaile Átha Cliath, Éire

De réir an traidisiúin, is seanreilig de chuid Felo de Se[1] é Láthair Uaighe an Bhaile Bhoicht atá lonnaithe ag acomhal Bhóthar an Bhaile Bhoicht agus Bóthar Chluain Life. Dlí Coiteann Ársa a cleachtaíodh i Sasana agus a bhí in Éirinn ón séú haois déag suas go dtí athchóiriú an dlí sa bhliain 1823 ab ea ‘’Felo de Se’’ nó coir an fhéinmharaithe.[2][3]

Gearradh pianbhreith ar dhuine a fuarthas ciontach i Felo de Se go n-adhlacfaí iad ag meán oíche ag crosbhóthar agus stáca a chur trína chroí, chun cosc a chur orthu filleadh agus cur isteach ar an mbeo. Cé go raibh go leor suíomh Felo de Se ar fud na hÉireann, tá talamh an Bhaile Bhoicht uathúil sa mhéid is go bhfuil an suíomh tar éis maireachtáil trí chuimhne mhuintir na háite. Tháinig piseog ghotach mhionsonraithe chun cinn maidir leis an suíomh a thaifead an Béaloideasóir Weston St. John Joyce sa bhliain 1921 agus a bhí fós ar marthain nuair a chuir an TD áitiúil Tom Stafford síos uirthi le linn díospóireachta i nDáil Éireann i 1990.

Sa litríocht, bhí sé ina ábhar inspioráide do na filí James Clarence Mangan, Thomas Caulfield Irwin, agus Tomás Mac Donnchadh i measc daoine elle. Glactar leis go forleathan gur thug Bram Stoker, scríbhneoir a rugadh i gCluain Tarbh cuairt ar an suíomh mar leanbh agus gur thug sé inspioráid dó dá úrscéal ceannródaíoch Dracula.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Felo de se" (as en) (2023-01-21). Wikipedia. 
  2. "Ballybough and the mysterious ‘Suicide Plot’" (en). Come Here To Me! (2018-03-19). Dáta rochtana: 2023-01-26.
  3. Glasnevin Heritage (2018). "Ballybough suicide plot" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2023-01-26.