Láithreán stad

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Múrphictiúr Bród an Lucht Siúil, Láithreán Stad Páirc Naomh Mháiréad i Baile Munna, Baile Átha Cliath

Is éard atá láithreán stad (nó láithreán carbhán) ann ná thithíocht do Lucht Siúil agus grúpaí fánaíochta eile atá le fáil ón Comhairle Contae. Tá bá aonair ag an láithreán stad do gach aonad teaghlaigh le raon iomlán seirbhísí curtha ar fáil i struchtúr beag ar gach bá.[1]

Sholáthar Thithíocht Lucht Siúil na Comhairle Contae[cuir in eagar | athraigh foinse]

tá méid Láithreán Stad an thábhachtach

Tá beartas stáit tithíocht a sholáthar don Lucht siúil leagtha amach i reachtaíocht. An Acht le déanaí atá i gceist ná An tAcht um Thithíocht (Cóiríocht don Lucht Siúil) 1998. Tugann an Acht seo breac-chuntas ar na cláir chóiríochta atá ag theastaíl ó gach Comhairle Contae freastal ar riachtanais chóiríochta reatha agus réamh-mheasta an Lucht Siúil ina gceantair.[2]

ag obair le chéile i gcór Cóiríochta Lucht Siúil

Maidir le méid Láithreán Stad, léirionn cás-staidéir gur chóir go mbeadh an raon idir cúig agus cúig bhá déag. Bíonn deacrachtaí le láithreán stad atá níos lú ná deich mbá a seirbhísí a fháil (mar shampla ionaid phobail agus saoráidí réamhscoile).[3]

Spreagann Comhairlí Contae rannpháirtíocht tionóntaí i mbainistíocht agus i gcothabháil cóiríochta don Lucht Siúil ar láithreáin stad. Cuimsíonn sé seo cothabháil na gcaighdeán sábháilteachta. Tá freagracht reachtúil ar Chomhairlí Contae caighdeáin sábháilteachta dóiteáin iomchuí a chinntiú ag gach aonad tithíochta de chuid na nÚdarás Áitiúil, lena n-áirítear láithreáin stad. Chun é seo a chur i gcrích, tá an chomhairle contae agus a tionóntaí freagrach as sábháilteacht dóiteáin a chothabháil.[4] Is cúis mhór imní leanúnach maidir le sábháilteacht dóiteáin é teaghaisí neamhúdaraithe a bheith ann.[5]

Stair Láithreáin Stad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réamhrá[cuir in eagar | athraigh foinse]

saoil na lucht siúil

Thar na blianta bhí an Lucht Siúil ina gcónaí i suíomhanna campála sealadacha ar thaobh an bhóthair. Is minic a bunaíodh na campaí seo ar thalamh nach raibh úinéireacht soiléir ann. D’fhéadfadh sé seo a bheith píosa de bhóthar i ndiadh obair leathnaithe nó obair díreachú.[6]

Léirigh torthaí tuarascála ón Oifig na hAlban i 1917 an treo a bhí oifigigh ins an Bhreatain Mhór agus Eireann ag dul maidir le cóiríocht a bhreithniú do ghrúpaí taistil traidisiúnta. Rinne an Coiste na Roinne ar Tinceirí in Albain i 1917 naisc idir Láithreáin Stad agus an t-oideachas. Dá gcuirfeadh comhairle contae cóiríocht ar fáil in aon áit amháin d’fhéadfadh leanaí dul ar scoil.[7] Níor cuireadh aon chinn de na moltaí i dtuarascáil na hAlban i bhfeidhm, afach.

Scéim Thrialach i Kent i Sasana[cuir in eagar | athraigh foinse]

sráidbhaile Great Chart i Kent i Sasana
Sráid Bank, baile Ashford, Contae Kent

Ba é i Kent i Sasana an chéad saoráid don Lucht Siúil atá cosúil le láithreán stad inniu. Bhí athruithe mhór ar bheartas sóisialta sa Bhreatain tar eis Dara Cogadh Domhanda leis an Stát Leasa.

Cuireadh i bhfeidhm scéim thrialach i Contae Kent i 1951. An t-ainm ar an áit ná “Chilmington Gypsy and Traveller Site”, ar imeall sráidbhaile Great Chart las muigh de baile Ashford.[8]

I measc na ngnéithe de láithreán stad Chilmington

  • leictreachas
  • Bánna stad do 12 charbhán
  • Soláthar uisce glan ón bpríomhlíonra
  • Leithris agus áiseanna folcthaí do gach aonad teaghlaigh
  • Limistéar féaraigh agus stáblaí do chapaill
  • Seideanna stórála
  • Limistéar páirceála d’fheithiclí mótair
  • Draenáil
  • Pluiméireachta sláintíochta
  • Dromchlaí tarmacadamed agus coincréite
  • Balla imlíne
  • Ceapadh duine de na cónaitheoirí mar airíoch an láithreáin[9]

Ag deireadh na scéime ghlac Roinn Tithíochta agus Rialtais Áitiúil na Breataine mar bheartas Láithreáin Giofóg agus Lucht Siúil a thógáil go sainiúil i ngach limistéar bardasach sa tír.[10]

Coimisiún um Lucht Siúil[cuir in eagar | athraigh foinse]

lucht siúil Ollainnis i 1923

Cosúil le hathruithe ar bheartas sóisialta sa Bhreatain, in Éirinn tháinig athrú ar chur chuige an rialtais ó neamh-idirghabháil. Ag tosú ag deireadh na 1950idí, chuir an An Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (comhlacht comhairleach arna cheapadh ag an rialtas) sraith tuarascálacha ar chúrsaí eacnamaíochta agus sóisialta i láthair. Ba imeacht é seo i stair stát na hÉireann, go dtí an pointe d’fhag an rialtas réimsí na sochaí agus an gheilleagair leis an Eaglais Chaitliceach.[11]

Láithreáin Stad i Cathair Haarlem san Ísiltír i 1985

I mí an Mheithimh 1960 bhunaigh an Rialtas Coimisiún um Lucht Siúil. Ba é seo an chéad amharc a rinne an stát ar an Lucht Siúil i stair na hÉireann. Chuaigh an Coimisiún chuig na hÍsiltíre i 1961 chun beartas an rialtais a mheas ansin. D’fhoilsigh an Coimisiún a dTuarascáil i mí na Samhna 1963. Mhol Tuarascáil do gach comhairle contae láithreán stad a sholáthar. Ba cheart go mbeadh caighdeán na saoráidí cothrom le láithreán stad Chilmington i Kent agus na cinn(nl) i san Ísiltír.

Dearcadh an Phobail ar Láithreán Stad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cúiseanna le Agóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is cúis imní do dhaoine capaill scaoilte atá ag innilt ar thalamh poiblí

Bíonn roinnt Láithreán Stad ina bhfoinse agóid ó dhaoine eile ina chonaí sa cheanntar mar gheall ar shamplaí d'iompar frithshóisialta. I measc na n-imní rialta bionn dhaoine ag rá méadú ar bhruscar, loitiméireacht, robálacha tí, déirce, torann, capaill scaoilte agus / nó madraí, bailiú dramhaíola / dramh tí scoite.[12] Tá faitíos ar dhaoine roimh a sábháilteacht phearsanta, slándáil tí chomh maith le titim i luach tí.[13] Pléann go leor scéalta nuachta le hábhair cosúil le, faicseanaíocht[14][15][16][17], dumpáil neamhdhleathach [18][19], earraí goidte [20], gníomhaíochtaí gáinneála ar dhrugaí [21][22], paraimíleata [23][24], meisce[25], agus sclábhaíocht.[26][27] Féadann imní an phobail shocraithe cosc a chur ar theaghlaigh Lucht Siúil nach bhfuil aon bhagairt sa phobal.[28]

Tagann amhras chun cinn ach b’fheidir nach bhfuil gá

Éifeachtaí Iompair Frithshóisialta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá costas trom airgeadais ann le iompair frithshóisialta. Mar gheall ar an gcostas atá i gceist atreoraítear airgead ó sheirbhísí eile na Comhairle Contae.[29]I measc na bpionós tá díshealbhú agus toirmeasc ar chóiríocht chomhairle contae ar feadh 3 bliana

D'aontaigh roinnt Lucht Siúil a ndearnadh suirbhé orthu le pionóis, ag argóint in aghaidh idirghabháil go luath. Aontaigh síad leis an údarás áitiúil agus an Gharda Síochána beart a dhéanamh chun déileáil le cásanna foréigin.[30] Nuair a fiafraíodh díobh i suirbhé, dúirt leath de na comhairlí contae gurb é teannas inmheánach an phríomhchúis i gcór Lucht Siúil ag fágáil cóiríochta.[31]

Dáileadh sa Tír[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas sampla de Láithreáin Stad ar fud poblacht na hÉireann:

Réigiún Bhaile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Dealbhóireacht Bród an Lucht Siúil. Tá sé seo ag geata scéim tithíochta ghrúpa An Táite Caol lasmuigh d’ An Ómaigh i gcontae Thír Eoghain

Réigiún an Tuaiscirt agus an Iarthair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réigiún an Oirthir agus Lár Tíre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Réigiún an Deisceart[cuir in eagar | athraigh foinse]


Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sliocht Athfhriotail[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Clár Cóiríochta Lucht Siúil na Comhairle Contae Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin) 2019 – 2024, 2019, lch. 33.
  2. An Roinn Tithíochta, Cóiríocht don Lucht Siúil, 2017.
  3. Tuarascáil Taighde Cóiríocht don Lucht Siúil ó Crosscare, 1996, lch. 19.
  4. Clár Cóiríochta Lucht Siúil Comhairle Chontae na Loch Garman 2019 – 2024, 2019, lch. 10.
  5. Clár Cóiríochta Lucht Siúil Comhairle Chontae na Gaillimhe, 2019, lch. 16.
  6. Coimisiún um Lucht Siúil, 1963, lch. 52.
  7. Coimisiún um Lucht Siúil, 1963, lch. 15.
  8. Clár Cóiríochta Lucht Siúil Comhairle Chontae Kent,.
  9. Coimisiún um Lucht Siúil, 1963, lch. 17.
  10. Coimisiún um Lucht Siúil, 1963, lch. 18.
  11. Crowley, Una , 2005, lch. 2.
  12. Tuarascáil Crosscare, 1996, lch. 24.
  13. Fingal Independent 11-02-2000,.
  14. RTE News 06-05-2009,.
  15. Leitrim Observer 04-01-2004,.
  16. Irish Times 30-08-2007,.
  17. Clare Herald 16-05-2016,.
  18. Irish Examiner 03-05-2019,.
  19. Daily Express 21-04-2019,.
  20. Irish Times 26-7-2019,.
  21. Irish Independent 18-06-2009,.
  22. Irish Examiner 02-05-2009,.
  23. Irish Central 05-10-2012,.
  24. Irish Independent 14-02-2015,.
  25. Evening Herald 14-02-2015,.
  26. Irish Mirror 14-02-2015,.
  27. TheJournal.ie 12-09-2011,.
  28. Tuarascáil Comhlacht Athbhreithnithe, 1983, lch. 26.
  29. Clár Cóiríochta Lucht Siúil na Comhairle Contae Fhine Gall 2014 – 2019, 2014, lch. 25.
  30. An Ghníomhaireacht Thithíocht Report, 2014, lch. 41.
  31. An Ghníomhaireacht Thithíocht Report, 2014, lch. 4.
  32. Liosta Láithreán Stad Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath,.
  33. Clár Cóiríochta Lucht Siúil na Comhairle Contae Dhún Laoghaire–Ráth an Dúin 2019 – 2024, 2019, lch. 8.
  34. Clár Cóiríochta Lucht Siúil na Comhairle Contae Fhine Gall 2014 – 2018, 2019, lch. 9.
  35. Tuarascáil Taighde Cóiríocht don Lucht Siúil ó Crosscare, 1996, lch. 12.
  36. Irish Times 28-5-2019,.
  37. Irish Central 25-11-2016,.
  38. Clár Cóiríochta Lucht Siúil na Comhairle Contae Dhún na nGall 2014 – 2018, 2014, lch. 5.
  39. iarratas pleanála, Gort an Chaocháin Mhuineacháin, 9-5-2019,.
  40. Carlow Live, 16-10-2019,.
  41. Kildare Nationalist, 2-10-2019,.
  42. Bray People, 15-7-2017,.
  43. Irish Times, 15-1-2005,.
  44. Clár Cóiríochta Lucht Siúil na Comhairle Contae Thiobraid Árann 2014 – 2018, 2018, lch. 5.
  45. The Echo, 17-12-2019,.
  46. Waterford News, 17-1-2020,.
  47. Irish Times, 28-11-2011,.
  48. Clare fm News, 14-07-2011,.

Foinsí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nuachtáin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foinsí ar líne[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Béarla Commission on Itinerancy (26 November 1963). "Report" Pr.7272. Dublin: Stationery Office. 
  • Béarla Travelling People Review Body (1983). "Report". Dublin: Stationery Office. 

Tuilleadh léitheoireachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Béarla All Ireland Traveller Health Study Team (2010). "Our Geels - All Ireland Traveller Health Study". Dublin, Ireland: School of Public Health, Physiotherapy and Population Science, University College Dublin. 
  • Béarla "Traveller Accommodation in Ireland: Review of Policy and Practice" (2008). Dublin, Ireland: Centre for Housing Research. 
  • Béarla Fahy, K (2001). "A Lost Opportunity? A Critique of Local Authority Traveller Accommodation Programmes". Dublin, Ireland: The Irish Traveller Movement. 
  • Béarla TSA Consultancy (2010). "Assessing Conditions on Traveller Sites – a Toolkit". Galway, Ireland: Galway Travellers Movement. 
  • Béarla Weafer & Associates Research (2009). "Research into the barriers to the Provision of Traveller Accommodation (from a local authority perspective) Unpublished Report for the NTACC".