Lá 'le Síle
Lipéad sa teanga dhúchais | (ga) Lá Fhéile Síle |
---|---|
Cineál | lá saoire |
Lá | 18 Márta |
Tír | Éire agus Talamh an Éisc agus Labradar |
Is lá saoire cultúrtha Éireannach é Lá 'le Síle / Lá Fhéile Síle, a gceiliúrtar ar an 18ú Márta,an lá tar éis Lá Fhéile Pádraig. Cé nach ndéantar an saoire a cheiliúradh go forleathan in Éirinn a thuilleadh, tá féilte gaolmhara fós á gceiliúradh ag dhiaspóra na hÉireann san Astráil agus i gCeanada.
|
---|
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Go traidisiúnta, ceiliúradh Lá Fhéile Síle (Lá 'le Síle) an lá tar éis Lá 'le Pádraig. De réir bhéaloideas agus mhiotaseolaíocht na hÉireann, bhí Síle (sean-G. Sighile) ina bean chéile nó ina máthair ag Naomh Pádraig, agus cruthaíodh an lá saoire mar chomóradh ar a saol.
Murar máthair altrama Pádraig a bhí i gceist is dócha gur a bhean céile a bhí i Síle mar go nglactar leis gur Conchesa ainm bhean chéile Calpornius a bhí ina athair ar Naomh Pádraig.
Luann irisleabhair agus nuachtáin ársa na hÉireann ón t-ochtú agus ón naoú haois déag go raibh bean chéile ag Pádraig. Rinne Freeman's Journal tagairt do Lá 'le Síle (Sheelah's Day) i 1785, 1811, agus 1841. Thaifead preas na hAstráile ón naoú haois déag urramú Lá 'le Síle, lena n-áiríteargo leor alcóil á n-ól. Ní dhéantar Lá 'le Síle a cheiliúradh go hoifigiúil in Éirinn a thuilleadh, ach tá sé fós á cheiliúradh i dTalamh an Éisc, Ceanada tar éis d’inimircigh as Éire teacht isteach go déanach sa seachtú haois déag.
I dTalamh an Éisc d’fhéadfadh an saoire a bheith ceangailte freisin le finscéal na banphrionsa Éireannach Síle Ní Ghadhra (Béarla: Sheila NaGeira.[1]
Molann roinnt scoláirí nasc idir an saoire agus Síle na gCíoch, na deilbh a fhaightear san ailtireacht mheánaoiseach ar fud na hÉireann, oileán na Breataine agus mór-roinn na hEorpa.