Kneecap (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinKneecap
Buneolas
StiúrthóirRich Peppiatt Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú2023 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama105 min Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Rátáil MPAAR Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt27367464 Cuir in eagar ar Wikidata

Scannán Gaeilge is ea Kneecap a léiríonn fás an bhanna ceoil hip-hop as Béal Feirste, Kneecap.[1] Tá baill an bhanna iad féin, chomh maith le Michael Fassbender, le feiceáil sa scannán, a bhfuil idir Ghaeilge agus Bhéarla ann.

I mí Eanáir 2024, reáchtáladh «première» an scannáin ag Féile Scannán Sundance 2024, an chéad scannán Gaeilge a taispeánadh ag an fhéile riamh. Bronnadh Duais 'Next' an Lucht Féachana ar an scannán ag Sundance.[2][3]

Cheannaigh Sony Pictures Classics an scannán agus beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna ar fud an domhain le linn 2024-2025 dá bharr.[4]

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scéal an ghrúpa atá sa scannán – cad as ar tháinig siad, cad a spreag iad an chéad lá riamh, cé na cuspóirí a bhí acu agus mar sin díobh.[5] Suite in Iarthar Bhéal Feirste, léiríonn na scannáin an dóigh ar cuireadh tús le Kneecap agus mar a chruthaigh siad a bhfuaim.

Thit an príomhghrianghrafadóireacht amach ar an láthair i mBéal Feirste i mBealtaine 2023.

Léiriú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Scríobh an scannánóir Rich Peppiatt an script do Kneecap, cé nach cainteoir Gaeilge é (bhí a  chéad scannán, One Rogue Reporter,[6] le feiceáil ar Netflix in 2014; stiúir sé an físeán do shingil an bhanna Guilty Conscience chomh maith). Ba é Trevor Birney, ón gcomhlacht léiriúcháin Fine Point Films i mBéal Feirste, a bhí i mbun léiriú an scannáin (ba é Birney a léirigh 66 days, scannán faisnéise mór le rá faoi Bobby Sands).[7]

In 2021, roghnaíodh script Kneecap, do ‘Mother Tongue Award’, scéim do scannáin atá i mbun forbartha i dteanga eile seachas an Béarla. Thug Institiúid Scannán na Breataine £810,000 do léiritheoirí Kneecap agus thug Fís Thuaisceart Éireann £810,000 eile dóibh. Fuair maoiniú ó roinnt foras eile – an Ciste Craoltóireachta Gaeilge, Fís Éireann, Coimisiún na Meán agus TG4 ina measc.[8]

Aisteoirí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an banna féin sa scannán (Mo Chara, Móglaí Bap, DJ Próvaí). Chomh maith leo, tá aisteoirí Éireannacha a bhfuil taithí acu, ar nós Michael Fassbender, Josie Walker agus Simone Kirby ann.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Kneecap | movie | 2024 | Official Clip - video Dailymotion" (en). Dailymotion (2024-01-18). Dáta rochtana: 2024-01-27.
  2. "Gradam mór le rá buaite ag scannán na rapáliathe Gaelacha Kneecap ag féile Sundance" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-26). Dáta rochtana: 2024-01-27.
  3. Dúirt léiritheoir Kneecap, Trevor Birney, go gcuirtear na mílte scannán isteach ar Sundance agus nach roghnaítear le taispeáint ag an bhféile ach 60 ceann. “Agus as an 60 ceann sin, tá gradam mór le rá buaite againn – tá sé iontach,” arsa Birney. (Tuairisc.ie)
  4. Nuacht RTÉ (2024-01-19). "An-ghlacadh le Kneecap ag Féile Scannán Sundance" (as ga-IE). 
  5. NÓS (2024-01-19). "Scannán Kneecap ceannaithe ag Sony lena eisiúint ar fud an domhain" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2024-01-22.
  6. "One Rogue Reporter" (as en) (2023-10-26). Wikipedia. 
  7. "Michael Fassbender le Gaeilge a labhairt i scannán nua" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-03-30.
  8. Chuir Scáileán Thuaisceart Éireann €450,00o ar fáil do KNEECAP agus fuair sé maoiniú €350,000 ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus €205,000 ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge.