Coimisiún na Meán
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | údarás craolacháin gníomhaireacht rialála |
| Stair | |
| Téann in áit | Údarás Craolacháin na hÉireann |
| Dáta a bunaíodh | 15 Márta 2023 |
| Rialachas corparáideach | |
| Máthaireagraíocht | An Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt |
| Suíomh gréasáin | cnam.ie |
Is é Coimisiún na Meán (CnM) an ghníomhaireacht in Éirinn a fhorbraíonn agus a rialaíonn tírdhreach na meán atá faoi bhláth, éagsúil, cruthaitheach, sábháilte agus iontaofa.[1] Bhunaigh Rialtas na hÉireann CnM sa bhliain 2023, de bhun fhorálacha an Achta um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022..[2] Tháinig an foras i gcomharbas ar Údarás Craolacháin na hÉireann.

Riarachán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Cathaoirleach Feidhmiúcháin ag CnM agus ceathrar Coimisinéirí i gceannas ar fhoireann ina bhfuil os cionn 200 ball foirne thar réimsí feidhme éagsúla[3]
- An Coimisinéir um Shábháilteacht ar Líne. Tugann an rannóg seo aghaidh ar raon feidhme uileghabhálach na saincheisteanna sábháilteachta ar líne ar fud thírdhreach na meán, lena n-áirítear díobhálacha mídhleathacha; leasanna leanaí agus daoine fásta leochaileacha; an daonlathas agus cearta bunúsacha a chosaint agus cóid agus rialacha a bhunú le haghaidh seirbhísí ar líne agus seirbhísí meán.
- An Coimisinéir um Sheirbhísí Digiteacha. Maoirseacht ar sheirbhísí digiteacha in Éirinn agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha agus reachtaíocht eile a fhorfheidhmiú.
- An Coimisinéir um Fhorbairt na Meán. Riarachán na scéimeanna maoinithe a chun tacú le hábhar craolacháin a bhfuil luach cultúrtha ag baint leis a léiriú agus a chaomhnú agus maoirseacht a dhéanamh ar urraíocht agus ar thionscadail earnála
- An Coimisinéir um Chraolachán agus Físeán ar Éileamh. Áirítear ar obair na bhfoirne sin obair thionscadail agus straitéis a chur chun cinn san earnáil phoiblí agus rannchuidiú le dearadh agus cur chun feidhme próiseas craoltóireachta agus rialála agus comhlíonta físeáin ar éileamh.
Taighde
[cuir in eagar | athraigh foinse]De réir Thuarascáil ar Nuacht Dhigiteach na hÉireann 2026 a d’fhoilsigh Coimisiún na Meán, bhí muintir na hÉireann ag seachaint na nuachta níos mó ná riamh agus laghdú suntasach tagtha ar an muinín atá acu inti. Fuarthas amach go raibh 47% de mhuintir na hÉireann ag déanamh iarrachta an nuacht a sheachaint, an leibhéal is airde riamh a taifeadadh sa staidéar.
Léirigh an staidéar go bhfuil imní mhór ar dhaoine faoi bhréagfhaisnéis ar líne, agus dúirt 71% de na freagróirí go mbíonn imní orthu faoi céard atá fíor agus céard atá bréagach ar an idirlíon.
Léirigh an tuarascáil go ndeir 42% de dhaoine in Éirinn go mbíonn muinín acu as an nuacht formhór an ama. Mar sin féin, bhí leibhéal na muiníne níos airde ná mar a bhí sa Ríocht Aontaithe (31%), sna Stáit Aontaithe (26%) agus ar mhór-roinn na hEorpa (36%). In ainneoin an mheatha sa mhuinín ghinearálta, bhí muinín láidir fós ag an bpobal as mórbhrandaí nuachta. Bhí muinín ag 69% as The Irish Times agus ag 68% as The Irish Independent.[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Sábháilteacht ar Líne
- Coimisiún um Rialáil Cumarsáide
- CRAOL, Fóram Raidió Pobail na hÉireann
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Cé muid féin" (ga-IE). Coimisiún na Meán. Dáta rochtana: 2025-04-24.
- ↑ oireachtas.ie (2022). "An tAcht um Rialáil Sábháilteachta ar Líne agus na Meán, 2022". Dáta rochtana: 2024.
- ↑ "Ár bhfoireann" (ga-IE). Coimisiún na Meán. Dáta rochtana: 2025-04-24.
- ↑ Eagarthóir (2026-06-19). "Muinín sa nuacht ag titim agus seachaint ag méadú, dar le tuarascáil nua" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-06-21.
