Kate Meyrick
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Lúnasa 1875 |
Bás | 19 Eanáir 1933 57 bliana d'aois |
Siocair bháis | Fliú |
Áit adhlactha | Reilig Kensal Green |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Alexandra |
Gníomhaíocht | |
Gairm | úinéir club oíche, péiceallán |
Teaghlach | |
Céile | Ferdinand Meyrick (en) (1899–) |
Páiste | Gwendoline Irene Meyrick (en) , Dorothy Evelyn Meyrick (en) , Eileen Margaret Meyrick (en) , Mary Meyrick (en) |
Athair | John William Washington Nason (en) agus Sarah Frances Bateman (en) |
Úinéir club oíche Éireannach ab ea Kate Meyrick (7 Lúnasa 1875–19 Eanáir 1933) ar a dtugtaí an 'Night Club Queen' i Londain sna 1920idí. Le linn a gairme 13 bliana rinne sí, agus chaith sí, an t-uafás airgid agus chaith sí cúig théarma i bpríosúi. Ba í an inspioráid í don charachtar Mayfield in úrscéal Evelyn Waugh, Brideshead Revisited.[1]
Luathshaol agus pósadh
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rugadh Kate Evelyn Nason ar 7 Lúnasa 1875 ag 24 Ardán Cambridge, Dún Laoghaire do John William Washington Nason, dochtúir, agus Sarah Frances, née Bateman. Fuair a hathair bás de bharr meiningítis sa bhliain 1876 agus phós a máthair an tUrramach Edwin Sandys Jackson i Meitheamh 1880. D'aistrigh an teaghlach go Sasana agus bhí cónaí orthu ag teach an reachtaire i Great Sankey, Lancashire . Nuair a bhí Kate seacht mbliana d’aois, fuair a máthair bás agus d’fhill sí féin agus a deirfiúr níos sine, Ethel, go Dún Laoghaire, áit ar tógadh iad ag a seanmháthair, Isabella Bateman, agus beirt seanaintíní ag Fairyland House, Bóthar Eabhrac. Fuair sí a cuid oideachais ó ghobharnóirí agus d'fhreastail sí ar Choláiste Alexandra ó 1891 go 1893. [2]
I mí na Nollag 1899 phós sí an dochtúir, Ferdinand Richard Holmes Merrick (athraíodh go Meyrick ina dhiaidh sin), i searmanas a rinne a leasathair i séipéal Naomh Eoin (St John's church), Baile na Manach. Bhí cónaí ar an lánúin ar Bhóthar Palmerston, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath, ar feadh tamaill ghairid sular bhog siad go Sasana agus gur shocraigh siad síos i Southsea, Hampshire. Ar feadh cúig bliana déag, thug Kate Meyrick cúnamh dá fear céile le tithe altranais a reáchtáil d’othair shíciatracha, [3] le linn an ama seo, bhog an lánúin go Londain agus chónaigh siad in Ealing ar feadh tamaill. Idir 1900 agus 1914, rugadh ochtar clainne don lánúin: seisear iníonacha agus beirt mhac. [4] Níor éirigh leis an bpósadh áfach, agus trí huaire i ndiaidh a chéile, smaoinigh an lánúin ar cholscaradh a fháil, [5] sular scar siad go buan sa bhliain 1918. [2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Ma Meyrick Gains Place in Dictionary of Irish Biography”. The Evelyn Waugh Society (10 January 2020). Dáta rochtana: 20 January 2021.
- ↑ 2.0 2.1 “New DIB 'missing person' : London's 'queen of the nightclubs'”. The Royal Irish Academy (9 January 2020). Dáta rochtana: 20 January 2021."New DIB 'missing person' : London's 'queen of the nightclubs'" Curtha i gcartlann 2024-02-29 ar an Wayback Machine. The Royal Irish Academy. 9 January 2020. Retrieved 20 January 2021.
- ↑ “Secrets of The 43 Club”. Sunday Independent (Dublin) via the British Newspaper Archive (subscription required) (4 December 1994). Dáta rochtana: 20 January 2021.
- ↑ “Ancestry”. Ancestry (subscription required). Dáta rochtana: 20 January 2021.
- ↑ Archives. “The National Archives - Kate Meyrick - 20 People of the 20s - 20sPeople” (en-GB). Portals. Dáta rochtana: 2022-04-30.