José Antonio Labordeta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJosé Antonio Labordeta

(2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(es) José Antonio Labordeta Subías
Beathaisnéis
Breith10 Márta 1935
Zaragoza, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Meán Fómhair 2010
75 bliana d'aois
Zaragoza, An Spáinn Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse)
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
30 Márta 2004 – 15 Eanáir 2008
Téarma parlaiminte: 8th legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Zaragoza (en) Aistrigh

Ball de Chomhdháil na dTeachtaí
21 Márta 2000 – 2 Aibreán 2004
Téarma parlaiminte: 7th legislature of Spain (en) Aistrigh

Toghcheantar: Zaragoza (en) Aistrigh

Ball de Chortès d'Aragon
Iúil 1999 – Márta 2000 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Zaragoza Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Réimse oibreLitríocht na Spáinne, polaitíocht agus ceol
Suíomh oibre Zaragoza Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmamhránaí is scríbhneoir, láithreoir teilifíse, iriseoir, múinteoir, polaiteoir, scríbhneoir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaChunta Aragonesista
Páirtí Sóisialach na hAragóine
United Left (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
SeánraFilíocht agus protest song (en) Aistrigh
Faoi thionchar
Ainm cleiteEl Abuelo
Polonio Royo Alsina Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Spáinnis
Lipéad ceoilEdigsa
Fonomusic Cuir in eagar ar Wikidata
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileJuana de Grandes (1963–2010), bás Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAna Labordeta de Grandes, Ángela Labordeta de Grandes, Paula Labordeta de Grandes Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMiguel Labordeta Palacios  agus Sara Subías Bardají
SiblínMiguel Labordeta Subías, Manuel Labordeta Subías, Luis Labordeta Subías agus Donato Labordeta Subías
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0479591 Musicbrainz: 26ec5e99-8652-4638-92b4-dd1ff8bc9971 Discogs: 1638571 Allmusic: mn0002079841 Cuir in eagar ar Wikidata

José Antonio Labordeta Subías (Zaragoza, 10 Márta 1935 - 19 Meán Fómhair 2010) - amhránaí, scríbhneoir agus polaiteoir Spáinneach, teachta de chuid an pháirtí Chunta Aragonesista (VII y VIII legislaturas).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le Miguel Labordeta agus Sara Subías, deartháir an fhile Miguel Labordeta, agus fear céile Juana de Grandes (neacht leis an Ghinearál Agustín Muñoz Grandes) a bhí ann. Bhí triúr iníonacha aige (Ana, Ángela y Paula).

Fuair sé a chuid oideachais sa Colegio Alemán de Zaragoza agus fuair cáilíocht sa Dlí agus sa bhFealsúnacht in Ollscoil Zaragoza, coláiste a bhronn Dochtúireacht Onórach air sa bhliain 2010. Chaith sé tamall ina mhúinteoir Tíreolaíochta, Staire agus Ealaíne. Sa bhliain 1972 bhunaigh sé an iris chultúrtha Andalán.

Bhí baint aige le bunú an pháirtí polaitíochta El Partido Socialista de Aragón sa bhliain 1976 agus níos déanaí sheas sé mar iarrthóir don Seanad ar son aontas na heite clé, Izquierda Unida. Mar bhall den Chunta Aragonesista (CHA), toghadh é mar theachta do Zaragoza sa bhliain 2000, agus ba é siúd ionadaí an pháirtí i gComhdháil na dTeachtaí go dtí an bhliain 2008.

Cé nár ghnóthaigh sé mórán vótaí riamh, tharraing sé go leor aird air féin lena fheachtas in aghaidh rannpháirtíocht na Spáinne san ionradh ar an Iaráic, No a la guerra, agus i gcoinne na scéime chun cúrsa abhainn an Ebro a athrú. Ba mhinic é i ngleic le teachtaí an Partido Popular agus chaith sé an masla seo leo: «A la mierda». Dúirt sé go bhféadfaí an mana sin a chur ar leac a uaighe.

D'éag sé den ailse go luath ar maidin ar an 19 Meán Fómhair 2010, in ospidéal Miguel Servet i Zaragoza.

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh maith lena ghníomhaíocht pholaitiúil bhí aithne ar Labordeta mar fhile agus mhaígh sé gurb í an fhilíocht a phríomhghairm. Bhí a dhánta á bhfoilsiú ón mbliain 1959 ar aghaidh, tamall maith sular thosaigh sé ag cur ceoil leo. Foilsíodh a shaothar sna leabhair seo a leanas:

  • Sucede el pensamiento (1959)
  • Las Sonatas (1965)
  • Cantar y callar (1971)
  • Treinta y cinco veces uno (1972)
  • Tribulatorio (1973)
  • Método de lectura (1980)
  • Jardín de la memoria (1985)
  • Diario de un náufrago (1988)
  • Monegros (1994)

Prós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh saothair éagsúla machnaimh agus a chuimhní cinn chomh maith le prós cruthaíoch i rith a shaoil chomh maith, agus bhí sé ina cholúnaí i nuachtáin éagsúla.

Amhránaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh aitheantas do Labordeta mar dhuine de na hamhránaithe/údair ba mhó sa Spáinn lena linn. I measc na n-amhrán ba cháiliúla a scríobh sé agus a chan sé tá «Canto a la libertad», «Aragón», «Me dicen que no quieres» agus «Banderas rotas».