José Antonio Labordeta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
José Antonio Labordeta
José Antonio Labordeta (2009) cropped.jpg
Ball de Chortès d'Aragon

Iúil 1999 - Márta 2000
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Márta 21, 2000 - Aibreán 2, 2004
Dúiche: Zaragoza (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 2000
Ball de Chomhdháil na dTeachtaí

Márta 30, 2004 - Eanáir 15, 2008
Dúiche: Zaragoza (en) Aistrigh
Toghchán: Olltoghchán na Spáinne 2004
Saol
Eolas breitheZaragoza, 10 Márta 1935
NáisiúntachtAn Spáinn
BásZaragoza, 19 Meán Fómhair 2010
Cúis bháisbás nádúrtha (ailse)
Muintir
AthairMiguel Labordeta Palacios
MáthairSara Subías Bardají
Céile/CéilíJuana de Grandes (en) Aistrigh  (Meán Fómhair 29, 1963 -  Meán Fómhair 19, 2010)
Páistí
Siblíní
Oideachas
Alma materOllscoil Zaragoza
TeangachaAn Spáinnis
Gairm
Gairmamhránaí is scríbhneoir, polaiteoir, scríbhneoir, múinteoir, láithreoir teilifíse, iriseoir agus amhránaí
Áit oibreZaragoza
Saothar iomráiteachCanto a la libertad (en) Aistrigh
Duaiseanna
Daoine le tionchar air/uirthiJacques Brel, Georges Brassens, Léo Ferré, Paco Ibáñez agus Ovidi Montllor
SloinnteEl Abuelo agus Polonio Royo Alsina
Gluaiseacht ealaínefilíocht
protest song (en) Aistrigh
Lipéad ceoilEdigsa
Fonomusic
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaChunta Aragonesista (en) Aistrigh
Socialist Party of Aragon (en) Aistrigh
United Left (en) Aistrigh
IMDbnm0479591
Discogs ID1638571

José Antonio Labordeta Subías (Zaragoza, 10 Márta 1935 - 19 Meán Fómhair 2010) - amhránaí, scríbhneoir agus polaiteoir Spáinneach, teachta de chuid an pháirtí Chunta Aragonesista (VII y VIII legislaturas).

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mac le Miguel Labordeta agus Sara Subías, deartháir an fhile Miguel Labordeta, agus fear céile Juana de Grandes (neacht leis an Ghinearál Agustín Muñoz Grandes) a bhí ann. Bhí triúr iníonacha aige (Ana, Ángela y Paula).

Fuair sé a chuid oideachais sa Colegio Alemán de Zaragoza agus fuair cáilíocht sa Dlí agus sa bhFealsúnacht in Ollscoil Zaragoza, coláiste a bhronn Dochtúireacht Onórach air sa bhliain 2010. Chaith sé tamall ina mhúinteoir Tíreolaíochta, Staire agus Ealaíne. Sa bhliain 1972 bhunaigh sé an iris chultúrtha Andalán.

Bhí baint aige le bunú an pháirtí polaitíochta El Partido Socialista de Aragón sa bhliain 1976 agus níos déanaí sheas sé mar iarrthóir don Seanad ar son aontas na heite clé, Izquierda Unida. Mar bhall den Chunta Aragonesista (CHA), toghadh é mar theachta do Zaragoza sa bhliain 2000, agus ba é siúd ionadaí an pháirtí i gComhdháil na dTeachtaí go dtí an bhliain 2008.

Cé nár ghnóthaigh sé mórán vótaí riamh, tharraing sé go leor aird air féin lena fheachtas in aghaidh rannpháirtíocht na Spáinne san ionradh ar an Iaráic, No a la guerra, agus i gcoinne na scéime chun cúrsa abhainn an Ebro a athrú. Ba mhinic é i ngleic le teachtaí an Partido Popular agus chaith sé an masla seo leo: «A la mierda». Dúirt sé go bhféadfaí an mana sin a chur ar leac a uaighe.

D'éag sé den ailse go luath ar maidin ar an 19 Meán Fómhair 2010, in ospidéal Miguel Servet i Zaragoza.

Filíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chomh maith lena ghníomhaíocht pholaitiúil bhí aithne ar Labordeta mar fhile agus mhaígh sé gurb í an fhilíocht a phríomhghairm. Bhí a dhánta á bhfoilsiú ón mbliain 1959 ar aghaidh, tamall maith sular thosaigh sé ag cur ceoil leo. Foilsíodh a shaothar sna leabhair seo a leanas:

  • Sucede el pensamiento (1959)
  • Las Sonatas (1965)
  • Cantar y callar (1971)
  • Treinta y cinco veces uno (1972)
  • Tribulatorio (1973)
  • Método de lectura (1980)
  • Jardín de la memoria (1985)
  • Diario de un náufrago (1988)
  • Monegros (1994)

Prós[cuir in eagar | athraigh foinse]

Foilsíodh saothair éagsúla machnaimh agus a chuimhní cinn chomh maith le prós cruthaíoch i rith a shaoil chomh maith, agus bhí sé ina cholúnaí i nuachtáin éagsúla.

Amhránaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh aitheantas do Labordeta mar dhuine de na hamhránaithe/údair ba mhó sa Spáinn lena linn. I measc na n-amhrán ba cháiliúla a scríobh sé agus a chan sé tá «Canto a la libertad», «Aragón», «Me dicen que no quieres» agus «Banderas rotas».