Johnny Connolly

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohnny Connolly
Beathaisnéis
Breith1944
Inis Bearachain, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Nollaig 2019
74/75 bliana d'aois
An Spidéal, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit chónaitheInis Bearachain
Cor na Rón
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
Gairmceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
UirlisCairdín
Teaghlach
PáisteJohnny Óg Connolly Cuir in eagar ar Wikidata

iTunes: 293475776 Musicbrainz: 14f3291d-0151-404e-a426-87d778693441 Discogs: 3386373 Cuir in eagar ar Wikidata

Ceoltóir as Inis Bearachain i gConamara ab ea Johnny Connolly (nó Johnny Phádraic Phíotair; 1944–2019), duine de na boscadóirí ba mhó cáil in Éirinn.[1]

In agallamh a rinne sé le TG4 in 2008, mhínigh sé an bealach ar thosaigh sé ag seinm an bhosca, nuair a bhí sé thart ar 10 mbliana d'aois. Bhí a thuismitheoirí ag dul amach chuig Féile na gCurachaí i Leitir Móir agus bhí Johnny ag iarraidh dul ina dteannta. Sa chaoi go bhfanfadh sé sa bhaile, thaispeáin a dheirfiúr dó an áit inar choinnigh a thuismitheoirí an bosca ceoil. Chaith sé an chuid eile den lá á sheinm, agus nuair a tháinig siad abhaile, bhí Johnny in ann roinnt port a chasadh cheana.[2]

Tugtar “rí an mhileoidin” air, agus deirtear gurbh é duine de na ceoltóirí traidisiúnta ab fhearr lena linn.

Phós sé Patricia Sweeney as Coillte Mach i gContae Mhaigh Eo, agus bhí triúr clainne acu: Jimmy, Johnny Óg, agus Mary Ellen. Is boscadóir cáiliúil é féin Johnny Óg.[2]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • An tOileán Aerach (1993)
  • Drioball na Fáinleoige (1998)
  • An Mileoidean Scaoilte (2004)

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Fintan Vallely (1999). "The Companion to Irish Traditional Music": 1–. New York University Press. ISBN 978-0-8147-8802-8. 
  2. 2.0 2.1 Mac Con Iomaire, Liam (1997). "Conamara: An Tír Aineoil" (in ga). Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht. ISBN 1-900693-39-9.