Johnny Óg Connolly
| Gníomhaíocht | |
|---|---|
| Gairm | ceoltóir |
| Uirlis | Cairdín |
| Teaghlach | |
| Athair | Johnny Connolly |
| Suíomh gréasáin | johnnyogconnolly.com |
Is ceoltóir Éireannach é Johnny Óg Connolly.
Mac leis an gceoltóir traidisiúnta Johnny Connolly as Inis Bearachain,[1] i gConamara, thosaigh Johnny Óg ag seinm an bhosca ceoil agus é naoi mbliana d'aois. D'fhoghlaim sé óna athair, agus ó Mhichael Mheáirt Ó Coisdealbha. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, bhuaigh sé an Slógadh agus an Fhleadh Cheoil Uile-Éireann ar an mbosca cnaipí. Agus é ceithre bliana déag d’aois, thosaigh sé ag seinm leis na hAncairí agus an t-amhránaí John Beag Ó Flatharta. Chaith sé ocht mbliana leis an mbanna sin. In 1994, thosaigh sé ag seinm le Seán Keane, agus rinne siad ceolchoirmeacha agus seisiúin cheoil áiteanna éagsúla timpeall na hEorpa agus i Meiriceá Thuaidh.
In 1998, chuaigh sé ar camchuairt le Lord of the Dance. Sa bhliain 2003, chuir sé faoi i gConamara. Is cumadóir ceoil é freisin, agus thaifead ceoltóirí éagsúla píosaí ceoil dá chuid, a athair, Michael Rooney, agus June McCormack san áireamh. I measc na gceoltóirí a raibh tionchar acu air, tá Joe Burke agus Andy McGann.
As Conamara Johnny Óg Connolly, boscadóir sármhaith agus cumadóir ceoil a bhfuil cáil go forleathan air as a bhfuil déanta aige i saol an cheoil traidisiúnta. Briseann dúchas a athar, Johnny Phádraic Phíotair cáiliúil an mhileoidin (nach maireann), trí mhéaracha Johnny Óg a bhfuil a chlú féin tarraingthe aige air féin i measc ceoltóirí na tíre.
Stíl bhríomhar chroíúil a bhíonn ag Johnny Óg i mbun a chuid ceoil, gnéithe de shean-nós boscadóireachta Chonamara fite fuaite le tréithe ceolmhaireachta na linne seo. Is fada fairsing an ceol atá cumtha aige á sheinm agus á thaifeadadh ag ceoltóirí eile, na foinn á nglacadh go fonnmhar isteach ina stór ceoil acu. In onóir dá mhuintir, dá chairde agus do cheoltóirí eile a chum sé go leor dá chuid saothair.
Ar na ceirníní aonair dá chuid a bhfuil roinnt dár chum sé le cloisteáil orthu, áirítear Aisling Yoshua (2011, Albam Ceoil Traidisiúnta na Bliana ag an Irish Times), Siar (2016), agus Fear Inis Bearachain (2018). D’eisigh sé albaim beirte freisin le Brian McGrath (Dreaming Up the Tunes, 1998) agus le Charlie Lennon nach maireann (Dusk Till Dawn, 2005).
Tá ceol cumtha aige freisin do dhá shraith amhrán bunaithe ar fhilíocht Mháirtín Uí Dhireáin—An tEarrach Thiar, agus Liam Ó Maonlaí le cloisteáil in éineacht leis, agus Fad Saoil (Joe Steve Ó Neachtain), saothar a bhfuil taifeadadh déanta air freisin le hAisling Ní Neachtain agus Cór Óige Chois Fharraige.
Bronnadh coimisiún air sa bhliain 2022 ó Stiúideo Cuan (An Spidéal) le sraith cheoil a chumadh. An Cosán Draíochta a tháinig dá thoradh sin, saothar ceoil agus amhráin i gcuimhne ar Johnny Connolly, a athair, nach maireann.
Ómós is teideal don saothar is deireanaí atá curtha de aige, sraith ghairid do Scoil Gheimhridh Joe Steve 2025. Ba mhaith le Johnny Óg an cúnamh a admháil a thug Ealaín na Gaeltachta agus an Chomhairle Ealaíon maidir le roinnt de na saothair sin.
Bronnadh Cumadóir na Bliana air ag Gradaim TG4 sa bhliain 2025.
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- The Bees' Wing, Cló Iar Chonnachta, 1990
- Dreaming Up The Tunes (le Brian McGrath), 1998
- Dusk Till Dawn (le Charlie Lennon), 2005
- Aisling Yoshua, Aibreán 2011
- Siar, November 2016
- Fear Inis Bearachain, Nollaig 2018[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Smith (18 June 1998). “Dreaming Up the Tunes”. Musical Traditions. Dáta rochtana: 25 October 2013.
- ↑ “Johnny Og Connolly: Fear Inis Bearachain” (en-US) (2019-04-10). Dáta rochtana: 2022-01-02.