John Beag Ó Flatharta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Beag Ó Flatharta
Beathaisnéis
BreithLeitir Mealláin Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmcraoltóir, amhránaí Cuir in eagar ar Wikidata
FostóirRTÉ Raidió na Gaeltachta Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Is amhránaí agus craoltóir Éireannach as Leitir Mealláin é John Beag Ó Flatharta. Thosaigh sé ag canadh ag deireadh na 1970idí. Ó 1980 i leith, lena bhanna Na hAncairí, d’fhorbair sé meascán de cheol tíre agus amhránaíocht sean-nóis.

Tar éis dó Ann Hargraves a phósadh, chuaigh siad ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe, ach fuair sí bás óg, rud a d'fhág John Beag ina aonar le mac óg, Liam. D’fhill John Beag agus Liam ar Éirinn in 2007. Fuair John Beag post ag obair le Raidió na Gaeltachta, agus lean sé ar aghaidh ag cur amach taifeadtaí nua.

Amhráin[cuir in eagar | athraigh foinse]

1994 ː Winds of Freedom

Pléann a chuid amhrán le téamaí éagsúla atá tábhachtach do phobal Chonamara: deoraíocht, coimhthíos agus grá, agus an fharraige. Sheinn John Chóil an Bhreathnaigh ón Trá Bháin bosca ceoil ar a chéad cheirnín ‘Faoi Lán tSeoil’, ach d’úsáid John Beag meascán de cheoltóirí ar an gcuid eile dá cheirníní.

Is iad na hamhráin is mó a bhfuil éileamh orthu ná ‘Amhrán Chuigéil’ (faoi rásaíocht húicéirí na Gaillimhe, ar an gceirnín Faoi Lán tSeoil), ‘The Nazarene Song’ scríofa ag Eddie Ó Conghaile faoin drochaimsir ar an bhfarraige, agus ‘Amhrán Mhaínis’ (amhrán caointe traidisiúnta).

Aitheantas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 2022, bronnadh Gradam RTÉ Raidió na Gaeltachta ar John Beag, mar chomhartha ómóis agus aitheantais as a shaothar ar son na teanga agus ar son phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.[1]

Dioscliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bliain Ainm Lipéad Formáid Teanga
? (athfhoilsithe in 2018) Faoi lán tSeoil Trad Ireland CD, caiséad Gaeilge, Béarla
1990 Fiche Amhrán 1980-1990 Cló Iar-Chonnacht Caiséad Gaeilge, Béarla
1990 Ar Bhord Leis na hAncarí Cló Iar-Chonnacht Caiséad Gaeilge, Béarla
1992 An Lochán Cló Iar-Chonnacht Caiséad Gaeilge, Béarla
1993 Tá an Workhouse lán Cló Iar-Chonnacht CD, caiséad, íoslódáil digiteach Gaeilge, Béarla
1994 The Winds of Freedom Cló Iar-Chonnacht Íoslódáil digiteach, cd Gaeilge, Béarla
2010 Coinnigh léi a Sheáin John Beag Ó Flatharta CD Gaeilge, Béarla
2012 Amigo mo mhéit John Beag Ó Flatharta Íoslódáil digiteach Gaeilge, Béarla
2017 The Banks of Casheen Bay John Beag Ó Flatharta CD Gaeilge, Béarla
2020 Roots n' Raithneach John Beag Ó Flatharta CD Gaeilge, Béarla

Tagartaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. NÓS. "Gradam RTÉ RnaG le bronnadh ar John Beag Ó Flatharta anocht" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-11-14.