John Vanbrugh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
John Vanbrugh

Drámadóir is ailtire Sasanach ab ea John Vanbrugh (24 Eanáir (baisteadh) 166426 Márta 1726). Scríobh sé coiméidí, The Provoked Wife (An Bhean Chéile Shaighdte, 1697) ina measc. Dhear sé Castle Howard gar d'Eabhrac, agus Pálás Blenheim. Tógadh é in Calais na Fraince sa bhliain 1688 as amhras go raibh sé ag spiaireacht ar son Liam Oráiste. Chaith sé 4 bliana go leith i bpríosún sa tír úd, cuid de sa Bastille.