John Kay
Jump to navigation
Jump to search
John Kay | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Bury, 16 Iúil 1704 |
Náisiúntacht | Ríocht na Breataine Móire |
Bás | Sedaví, c. 1779 |
Gairm | |
Gairm | cumadóir |
Saothar iomráiteach |
flying shuttle (en) ![]() |
Ceapadóir a saolaíodh gar do Bury Shasana ab ea John Kay (16 Iúil 1704 - 1779). Agus é i bhfeighil muileann cadáis a athar, d'fheabhsaigh sé an t-innealra, agus i 1733 fuair paitinn ar an spól eitilte, an fhionnachtain is tábhachtaí i stair an innealra fíodóireachta, b'fhéidir. Ghlac na fíodóirí leis an bhforbairt go fonnmhar, ach ní raibh fonn orthu dleachtaí an cheapadóra a íoc. D'ionsaigh slua fíodóirí a theach, mar gheall ar an mbagairt dá slí bheatha óna fhionnachtain. Theith sé don Fhrainc, áit a bhfuair bás ina bhochtán.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |