John Donne
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Eanáir 1572 ↔ 19 Meitheamh 1572 Londain, England |
Bás | 31 Márta 1631 58/59 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Ailse ghoile |
Áit adhlactha | Ardeaglais Naomh Pól |
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana | |
Téarma parlaiminte: Addled Parliament (en) | |
Member of the 1601 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Brackley | |
Member of the 1614 Parliament (en) | |
Toghcheantar: Taunton | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Anglacánachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Cambridge |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ficsean |
Gairm | file, polaiteoir, scríbhneoir, sagart Anglacánach, cumadóir amhrán, aistritheoir, dlíodóir, saineolaí dlí |
Seánra | Metaphysical poets (en) |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Anne More |
Páiste | George Donne, Constance Donne, Margaret Donne, Bridget Donne, John Donne, Elizabeth Donne |
Athair | John Donne agus Elizabeth Heywood |
Duine muinteartha | Jasper Heywood (uncail) |
B'fhile meitifisiciúil Sasanach é John Donne nó Dunne (1572 – 31 Márta, 1631) le linn réimeas Rí Séamus I Shasana. Bhí sé ina dhlíodóir agus ina eaglaiseach chomh maith.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mac le teaghlach Caitliceach séantach ab ea. D'fhreastail sé ar Ollscoil Oxford agus Ollscoil Cambridge freisin. Ach ní raibh sé in ann céim a fháil mar gheall ar a chreideamh ag an am.[1] D'éirigh sé as ina dhiaidh sin, chun teacht isteach in Eaglais Shasana agus bhí ina phoileimiceoir frith-Chaitliceach iomráiteach.
Rinne sé staidéar ar an dlí ag Thavie's Inn, ósta de chuid na seansaireachta. Ligeadh isteach i Lincoln's Inn é sa bhliain 1592, cé nár glaodh chun an Bharra é riamh. Ag an am céanna, bhí Dunne ag dlíodóireacht ar bhealach éigin ar feadh an chuid is mó dá shaol fásta; deireadh a phoist sa rítheaghlach tar éis dó pósadh go neamhfhianaithe ba chúis leis seo den chuid is mó.[1]
Ar iarratas Rí Séamas, oirníodh ina ministir in Eaglais Shasana é sa bhliain 1615. Toisc go raibh oiliúint agus taithí sa dlí aige, iarradh air go minic a bheith ina bhreitheamh eaglasta.[1]
Nuair a ceapadh mar Dhéan Ardeaglais Naomh Pól é sa bhliain 1631, bhain sé sláine airgeadais amach, go deireadh a shaoil. Mar sin féin, bhí scamall bróin ar na blianta a bhí fágtha dó mar gheall ar mhéala agus ar thinneas. Mhéadaigh múnla an chreidimh a bhí ar a chuid scríbhinní, nach raibh gaol aige leis an spraíúlacht agus an sceipteachas a bhaineann le cuid mhór den saothar a rinne sé níos luaithe.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]File meitifisiciúil a raibh domhan na gcéadfaí á chíoradh agus á cheiliúradh aige go rí-mhinic ba ea Donne.
‘Ní oileán duine ar bith,’ nó ''Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’' a scríobh John Donne, i gceann dá chuid dánta is cáiliúla.[2][3]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 Scoil Dlí, COBÁC (2018). "John Donne". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ 2.0 2.1 John Donne. "Meditation XVII".
- ↑ 'Ní gá dúinn dul níos faide ná seanfhocal sa Ghaeilge (‘Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine.’) le tuiscint a bhaint amach ar na bealaí casta éagsúla a ndéanann an duine an saolnua-aoiseach a láimhseáil.' Deireadh na príobháide. An tUltach 88 (3), 8. Ciarán Mac Murchaidh (2011)