John Brophy

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Brophy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Samhain 1883
Lancashire, England Cuir in eagar ar Wikidata
Bás19 Feabhra 1963
79 bliana d'aois
Gníomhaíocht
Gairmceardchumannaí Cuir in eagar ar Wikidata

Duine tábhachtach sna ceardchumainn Mheiriceánacha United Mine Workers of America (UWMA) agus Congress of Industrial Organizations (CIO) ab ea John Brophy (1883 – 1963). Ba é an t-iomaitheoir deireanach a thug dúshlán do chumhacht John L. Lewis san UMWA agus, tar éis do Lewis é a athfhostú, bhí sé ina cheannaire tábhachtach sa CIO.

Mianadóireacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Brophy i Lancashire, Sasana do theaghlach mianadóirí. Chuaigh an teaghlach ar imirce go dtí na Stáit Aontaithe nuair a bhí sé naoi mbliana d’aois, agus fuair siad obair sna mianaigh ghuail in Pennsylvania. Thosaigh Brophy ag obair sna mianaigh in aois a haon déag, agus bhí sé ina bhall den UMWA nuair a bhí sé ceithre bliana déag d'aois. D’éirigh go maith leis sa cheardchumann, agus tar éis tamaill, bhí sé ina uachtarán ar Cheantar 2 den UMWA.[1]

Sheas Brophy i gcoinne Lewis i dtoghchán uachtaránachta an UMWA in 1926, faoin mhana “Sábháil an Ceardchumann”. An phríomhaidhm a bhí aige ná tionscal an ghuail a náisiúnú. Is dócha go mbeadh an lámh in uachtar aige sa toghchán dá reáchtálfaí é ar bhealach daonlathach.[2]

Chuir Lewis ruaig ar Brophy agus ar a lucht tacaíochta amach as an gceardchumann tar éis a bhua in 1926. Chuir Lewis cúiseamh “dé-cheardchumannachas” i leith Brophy bunaithe ar an tacaíocht a fuair sé ó Chonradh Oideachais na gCeardchumann, craobh den Pháirtí Cumannach a thacaigh lena fheachtas uachtaránachta. Cháin an Páirtí Cumannach Brophy ina dhiaidh sin, ag rá gur “leasaitheoir” é, tar éis don Pháirtí glacadh le polasaí in aghaidh na ngnáth-cheardchumann le linn na “Tríú Tréimhse”.

Fear a bhain oideachas amach dó féin ab ea Brophy, agus tar éis do Lewis é a dhíbirt as UMWA, chaith sé am ag déanamh staidéir ar an eacnamaíocht agus ar an bhfealsúnacht. B'fhear cráifeach é freisin, agus d'úsáid sé Rerum novarum, imlitir ón Phápa Leo XIII a thacaigh le ceart an lucht oibre ceardchumainn a bhunú, mar dhroichead idir a chreideamh agus a thiomantas do chearta an lucht oibre.[3]

I mí Mheán Fómhair 1927, thug Brophy cuairt ar an Aontas Sóivéadach mar bhall de thoscaireacht Mheiriceánach faoi cheannas James H. Maurer, agus chas sé le Iósaf Stailín.[4]

CIO[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Brophy lasmuigh de ghluaiseacht an lucht oibre ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin, go dtí 1933 nuair a thug Lewis post dó san UMWA. Ba é an chéad Stiúrthóir Náisiúnta ar an CIO ó 1935 go 1938. Bhí easaontas idir Brophy agus Lewis in 1940 maidir le hiarrthóireacht Roosevelt sa toghchán uachtaránachta (chreid Lewis nár chóir do Roosevelt seasamh den tríú huair). D'fhan Brophy leis an CIO tar éis do Lewis é a fhágáil in 1941.[5]

Tháinig Philip Murray i gcomharbacht ar Lewis mar Uachtarán an CIO, agus d'ainmnigh sé Brophy mar Stiúrthóir Chomhairlí na gCeardchumann Tionsclaíoch (Béarla: Industrial Union Councils). Bhí sé lárnach i mbunú na gcomhairlí seo i gcathracha ar fud na tíre, ag breathnú orthu mar “eagraíochtaí pobail an CIO”. Dúirt Brophy gur aontaigh an chuid is mó de na daoine le haidhmeanna an CIO, agus gurb é an rud a bhí in easnamh orthu ná “an cheannaireacht is féidir le ceardchumainn amháin a thabhairt...” [6]

Ba é Brophy ionadaí an CIO in eagraíochtaí idirnáisiúnta an lucht oibre, ar nós Cónaidhm Dhomhanda na gCeardchumann agus Cónaidhm Idirnáisiúnta na gCeardchumann Saor, agus ionadaí an lucht oibre ar roinnt gníomhaireachtaí rialtais sna Stáit Aontaithe freisin. Lean sé ar aghaidh ag obair leis an AFL-CIO tar éis don dá eagraíocht teacht le chéile arís in 1955.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Brophy, A Miner's Life, pp. 3-26, 123-126.
  2. Brophy, A Miner's Life, pp. 214-218.
  3. Brophy, A Miner's Life, p. 127; Bernstein, The Lean Years, p. 133.
  4. Questions & Answers to American Trade Unionists: Stalin's Interview With the First American Trade Union Delegation to Soviet Russia”. Marxists Internet Archive. Workers Library Publishers. Dáta rochtana: 14 June 2019.
  5. Brophy, A Miner's Life, p. 286.
  6. Eimer (2000). "The Challenge of Organizing the Organized The CIO Greater New York Industrial Union Council and Working Class Formation" (Dissertation ed.). University of Wisconsin-Madison.