Jump to content

Joe Kennedy III

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJoe Kennedy III

(2019) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Joseph Patrick Kennedy III Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith4 Deireadh Fómhair 1980
45 bliana d'aois
Brighton, Massachusetts Cuir in eagar ar Wikidata
United States Special Envoy for Northern Ireland (en) Aistrigh
19 Nollaig 2022 –
← Mick Mulvaney
Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2019 – 3 Eanáir 2021


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2017 – 3 Eanáir 2019


Ionadaí na Stát Aontaithe
6 Eanáir 2015 – 3 Eanáir 2017


Ionadaí na Stát Aontaithe
3 Eanáir 2013 – 3 Eanáir 2015


Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síOllscoil Stanford - Baitsiléir Eolaíochta (–2003)
Scoil Dlí Harvard - dochtúireacht sa dlí-eolaíocht (–2009) Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Washington, D.C.
Attleboro
Newton Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmcúntóir (2011–2012), anailísí airgeadais, dlíodóir, polaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaan Páirtí Daonlathach Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de
Peace Corps (2004–2006)
Congressional Progressive Caucus (en) Aistrigh (–2021) Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Teaghlach
AthairJoseph P. Kennedy II  agus Sheila Brewster Rauch (en) Aistrigh
Síniú

Suíomh gréasáinkennedy.house.gov Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm9177723 TMDB.org: 4246499
Facebook: 301936109927957 X: repjoekennedy Instagram: repkennedy Youtube: UCgfHlaGqxD8p-2V_YlNIqrA Youtube: repjoekennedy1889 Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir agus dlíodóir de chuid na Stát Aontaithe is ea Joseph Patrick Kennedy III (a rugadh ar an 4 Deireadh Fómhair 1980). Is duine de theaghlach iomráiteach Kennedy é agus garmhac le Bobby F Kennedy e. Ionadaí ba ea é de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh chuig Teach Ionadaithe na Stát Aontaithe, ar son an Ochtú Ceantar Comhdhála i gCalifornia,

Toscaire speisialta Mheiriceá

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Theip ar Joseph P Kennedy in 2020 nuair a rinne sé iarracht dúshlán Ed Markey, seanfhondúir de chuid na nDaonlathach, a bhí ina sheanadóir i Massachusetts le blianta fada a thabhairt. Bhí sé éirithe as a shuíochán comhdhála féin agus dá réir ní raibh aon bhall de theaghlach Uí Chinnéide tofa in Washington don chéad uair ó lár an 20ú haois. Cheap go leor go raibh deireadh, dá réir, leis an aisling agus le páirtíocht na gCinnéideach ag an leibhéal is airde i bpolaitíocht de chuid na Stát Aontaithe.[1]

Cheap an tUachtarán Biden Joe Kennedy ina thoscaire speisialta eacnamaíochta chun an Tuaiscirt in 2022 (cheap Donald Trump Mick Mulvaney sa phost sa bhliain deiridh dá uachtaránacht, 2020). Bhí súil in 2022 go n-éireodh leis an gCinnéideach infheisteoirí ó Mheiriceá a threorú go dtí Tuaisceart Éireann, go háirithe ó bheadh rochtain acu ar mhargadh an Aontais Eorpaigh agus ar mhargadh na Ríochta Aontaithe.[2]

D’fháiltigh Kennedy roimh athbhunú an Tionóil agus an Fheidhmeannais agus roimh Chreat Windsor, an socrú trádála iarBhreatimeachta. Ach bhí Stormont a bheith ar fionraí don chuid is mó dá théarma i mbun a chúraim. Nuair a rinneadh comóradh in 2023 ar 25 bliain de Chomhaontú Aoine an Chéasta, bhí Stormont druidte agus ba é an folús nó físeáin de bhallaí síochána a tharraing aird na meán ó Mheiriceá a tháinig go hÉirinn le haghaidh na hócáide; scéal diúltach a chuala agus a chonaic lucht rachmais sna Stáit Aontaithe.

Tháinig tréimhse Joe Kennedy III mar thoscaire speisialta Mheiriceá chun deiridh nuair a cuireadh clabhsúr ar Uachtaránacht Joe Biden.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Máirín Ní Ghadhra (16 Nollaig 2025). "Léas dóchais nua ag muintir Chinnéide i saol na polaitíochta i SAM" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-12-16.
  2. 2.0 2.1 Póilín Ní Chiaráin (18 Samhain 2024). "Íomhánna na dtrioblóidí a chíonn infheisteoirí Mheiriceá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-12-05.