Jimín Mháire Thaidhg

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharJimín Mháire Thaidhg
Cineálúrscéal Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarPádraig Ó Siochfhradha Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán1919 Cuir in eagar ar Wikidata

Úrscéal grinn don aos óg leis an Seabhac (Pádraig Ó Siochfhradha) is ea Jimín Mháire Thaidhg a chéadfhoilsigh Comhlucht Oideachais na hÉireann sa bhliain 1919. Leanann sé eachtraí buachalla óig darb ainm Séamus Ó Breasail, nó Jimín Mháire Thaidhg mar is fearr aithne air. Is í Máire Thaidhg máthair dhian Jimín, agus bíonn Jimín cráite i gceart aici. I gCorca Dhuibhne atá an leabhar suite, agus is sa chanúint sin a scríobhadh an buntéacs, cé go bhfuil leagan caighdeánaithe ann anois.

Foilsíodh "eagrán scoile" den leabhar (a d'fhoilsítí go minic faoin ainm simplí "Jimín") in 1921, a d'úsáidtí i scoileanna na hÉireann ar feadh na mblianta fada. Baineadh tagairtí don chleamhnas, do chaidrimh idir daoine fásta agus don bhás as an eagrán scoile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]