James Whyte Black
Cógaseolaí a rugadh i mBaile Udain na hAlban ab ea Sir James Black (14 Meitheamh 1924 – 22 Márta 2010). Rinne sé an-chuid taighde is forbartha ar dhrugaí sábháilte chun galar croí, othrais agus galair éagsúla eile a chóireáil.
Roinn sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis sa bhliain 1988 le Gertrude Elion is George Hitchins as an saothar sin. Rinne sé staidéar ar fhiseolaíocht in ollscoil Ghlaschú, áit ar fhorbair sé a spéis in éifeachtaí adrenaline ar an gcroí. Thosaigh sé ag obair don chomhlacht ICI Pharmaceuticals sa bhliain 1958, áit ar chum sé propanolol. Ansin chuaigh sé le Smith, Kline agus French sa bhliain 1964, agus d'fhorbair sé cimetidine (tagamet) ansin, druga le haghaidh othrais bholg a tháinig chun bheith ar an druga oideas is mó díol ar domhan. Ina dhiaidh sin, bhí sé ina ollamh le cógaiseolaíocht in University College London agus King's College London, agus d'fhóin sé mar Sheansailéir Ollscoil Dhún Dé ó 1992 go 2006. Fuair sé bás i Londain Shasana tar éis tinnis fhada sa bhlian 2010.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "James Whyte Black". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 77.
| Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
| Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |