James Nowlan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJames Nowlan

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1862
Bás20 Meitheamh 1924
61/62 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata
Uachtarán Cumann Lúthchleas Gael
1901 – 1921
← Michael Deering (en) AistrighDaniel McCarthy → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
James Nowlan (ar dheis — culaith dhorcha agus babhlaer) ag croitheadh lámh le Mícheál Ó Coileáin (ar chlé) roimh chluiche ceannais iomána Laighean sa bhliain 1921

Bhí James Nowlan (nó Séamus Ó Nualláin, 1862  – Meitheamh 1924) ina uachtarán ar Chumann Lúthchleas Gael ó 1901 go 1921 agus is é an duine a chaith an tréimhse is faide sa bpost sin riamh. B'ionadaí de chuid Shinn Féin agus ball de Chonradh na Gaeilge é freisin.  In 2009, chuir an Sunday Tribune Nowlan ar a liosta de na 125 duine is mó tionchair i stair Chumann Lúthchleas Gael.[1]

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nowlan i Mainistir EimhínContae Chill Dara sa bhliain 1862 agus, de réir taifid sa séipéal áitiúil, baisteadh i bhFéarach na mBó, Mainistir Eimhín é ar 25 Bealtaine 1862. Bhí a athair, Patrick Nowlan, ina bhall luath de Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann agus ina chara le James Stephens.[2] Cúipéir ó chathair Chill Chainnigh ab ea an t-athair, agus d'fhéadfadh sé gur bhog sé ó Chill Chainnigh chun post a thógáil le Cassidy’s Whisky i Mainistir Eimhín.[3][1] D'fhoghlaim James Nowlan an chúipéireacht freisin.[4][5]

Saol oibre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Nowlan ina bhall de Chonradh na Gaeilge agus ina ghníomhaí ar son na Gaeilge ar feadh a shaoil. Thacaigh sé le Sinn Féin ó bunaíodh an páirtí sa bhliain 1905. Sa bhliain 1898, toghadh é ina bhardasach ar Bhardas Chill Chainnigh. D’úsáid sé a chuid ama sa phost sin chun Cumann Lúthchleas Gael a chur chun cinn, eagraíocht réasúnta nua ag an am a bunaíodh 14 bliana roimhe sin. Ba é an chéad chathaoirleach ar Chomhairle Laighean CLG, ó 1900. Toghadh é ina uachtarán ar CLG ag an gComhdháil Náisiúnta i Meán Fómhair 1901, post a bheadh aige ar feadh fiche bliain, fós an tréimhse is faide a bhí aon duine sa bpost sin.[4] Le linn a uachtaránachta, rinne sé iarracht an eagraíocht a chur ar chosán níos poblachtánaí

Tar éis Éirí Amach na Cásca, ghabh na Briotanaigh Nowlan i mBealtaine 1916, agus rinneadh imtheorannú gan triail air in Frongoch na Breataine Bige. I mí Lúnasa na bliana sin, scaoileadh saor é agus lean sé ar aghaidh lena dhualgais CLG agus Shinn Féin. Thacaigh sé go poiblí leis an IRA le linn Chogadh na Saoirse sna 1920idí. 

Ag Comhdháil CLG sa bhliain 1921, d’éirigh Nowlan as an uachtaránacht, agus ceapadh é ina Uachtarán Oinigh ar an gcumann ar feadh a shaoil — an t-aon duine ar tugadh an onóir sin dó.

Bás agus oidhreacht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Nowlan bás i Meitheamh 1924.  Athainmníodh Páirc Uí Nualláin, staidiam CLG ina áit dúchais i gCill Chainnigh, ina onóir trí bliana ina dhiaidh sin.  Cuireadh i reilig Ghlas Naíon é. Ní raibh cloch chinn ar a uaigh go dtí 2013 nuair a chuir CLG cros Cheilteach in airde.[6] I mí Mheán Fómhair 2016, nocht CLG corn nua darb ainm Corn Uí Nualláin le bronnadh ar sheaimpíní iomána na hÉireann faoi-21.[7]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 Enda McEvoy, Kieran Shannon, Dave Hannigan (4 Eanáir 2009). "125 Most Influential People In GAA History". Sunday Tribune. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 9 Lúnasa 2009. Dáta rochtana: 28 Eanáir 2009.
  2. Jim Walsh (2013). "James Nowlan - The Alderman and the GAA in His Time". Independent Publishing Network. 
  3. "James Nowlan - who was he?". Kilkenny People (13 Nollaig 2013). Dáta rochtana: 5 Eanáir 2015.
  4. 4.0 4.1 GAA History > GAA Presidents”. Official GAA Website. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 Bealtaine 2012. Dáta rochtana: 5 Eanáir 2015.
  5. Household Return (Form A) - Residents of a house 2 in Troysgate (East) (Kilkenny Urban No. 2, Kilkenny)”. National Archives of Ireland (1911). “Luaite mar: Nowlan James, aged 47, Male, cooper by trade, relation to head of the house hold as Brother, religion listed as Roman Catholic.”
  6. Irish Press Releases - The Unveiling of the Headstone of Alderman James Nowlan GAA President 1901 to 1921”. Press.ie (2013-07-18). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-03-27. Dáta rochtana: 2013-08-28.
  7. New All-Ireland U21HC trophy unveiled”. www.hoganstand.com. Hogan Stand (7 Meán Fómhair 2016). Dáta rochtana: 26 Deireadh Fómhair 2020.